skip to main content

'Lá stairiúil, mothúchánach': Acht Gaeilge ar an mbealach

Labhair Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh le Gormfhlaith Ní Thuairisg ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an bhfógra go mbeidh bille a bhaineann le reachtaíocht teanga á thabhairt os comhair an rialtais inniu.

Tagann an fógra seo ó Rialtas na Breataine i ndiaidh léirsiú mhór a tharla i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine ina raibh suas go 17,000 duine ag éileamh cearta teanga. Dúirt an Dr. Ó Tiarnaigh go bhfuair siad an scéal aréir go mbeadh an bille seo ag teacht os comhair an rialtais ach nach é seo ach 'tús' dóibh siúd atá ag fanacht le fada ar an reachtaíocht teanga.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


'Seo an chéad léamh. Ní hé an ceann scríbe nó an deireach, ach is tús é'

Táthar ag súil go mbeidh an reachtaíocht seo ag dul tríd próiséas gasta agus nach mbeidh air fanacht ar leasuithe, dul chuig coistí agus araile ach go mbeidh an bille seo i lámha na Banríona go luath.

D'admhaigh Dr. Ó Tiarnaigh go bhfuil obair mhór le déanamh amach anseo ar an Acht ach dúirt sé freisin gur lá stairiúil, mothúchánach a bhí ann inniu agus gur le na díograiseoirí a sheas an fód le fada an lá don Ghaeilge an lá seo freisin.

Éist anseo le Ciarán Mac Giolla Bhéin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag caint faoin Lá Dearg

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine 8-9am