Labhair Áine Ní Ghlinn ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a léamh ar dhá leabhar nua, ceann amháin do dhaoine óga agus ceann eile do dhaoine fásta.
Oireann an chéad leabhar, 'Cad a chuirfeadh sceon ar Leon?' le Rossa Ó Snodaigh, foilsithe ag Coiscéim, do dhaoine idir 5 agus 8 mbliana d'aois. Is é Dara Ó Briain a rinne guthú ar an scéal nua seo. Dúirt Áine go bhfuil an leabhar seo 'ar fheabhas ar fad'. Luaigh sí go bhfuil an leabhar greannmhar agus go gcuireann na léaráidí barrúla go mór leis freisin. Molann sí an leabhar seo do pháistí a bhfuil Gaeilge acu sa bhaile ag aois a cúig ar aghaidh mar go bhfuil an Ghaeilge casta go leor ann.
Éist le Rossa Ó Snodaigh ag caint ar a leabhar féin, Cad a Chuirfeadh Sceon ar Leon? ar an gclár An Cúinne Dána
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Ag caint ar leabhar nuafhoilsithe le Pádraig Standún, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, 'Stop an Súnámaí' 'go hiontach' agus go bhfuil an ghreann lárnach sa scéal atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Molann Áine an bua atá ag Standún comhrá maith, nádúrtha a scríobh chomh maith leis an tslí go dtéann sé i ngleic le carachtar a bhfuil Alzheimers uirthi.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6