Chuaigh foireann Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh fada le hoileán Aráinn Mhóir le blaiseadh a fháil den cheol agus chraic a bhíonn ag Féile Róise Rua ann.
I measc na gceoltóirí agus amhránaithe a bhí le cloisteáil ar an oileán beidh, Saileog Ní Cheannabháin, Mairéad Ní Mhaonaigh, Jimmy Canavan, Tríona Ní Dhomhnaill, Pádraic Keane Seosamh Ó Neachtain & Helen Diamond.

Tá traidisiún saibhir ag an oileán maidir le hamhránaíocht agus muintir an oileáin go mór faoi thionchar Róise Rua, nach maireann.
Labhair duine den ghrúpa ceoil, Ye Vagabonds, Brían Mac Gloinn le hÁine Ní Bhreisleáin ar an gclár Bladhaire faoi thábhacht oidhreacht Róise.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine ag 11am