skip to main content

Feirmeoirí déiríochta agus athrú aeráide

Labhair Micheál Ó Céilleachair le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin tuarascáil eatramhach ó Ghrúpa Físe Déiríochta a chuirfidh brú ar fheirmeoirí athruithe a dhéanamh ina gcleachtas oibre.

Cuirtear go leor milleán ar bha déiríochta nuair a thagann sé go cúrsaí aeráide mar gheall ar an gás meatáin agus an ró-úsáid nítrigin ach an bhfuil aon rud i ndán d'fheirmeoirí seachas gearradh siar ar an líon ba atá acu. Dúirt Mícheál go bhfuil níos mó bainne ag dul amach as Ciarraí Thiar ná mar a bhí ariamh ach nach maith seisean sásta líon na mba a ísliú mar nach mbaineann an fhadhb lena leithéid siúd d'fheirmeoir ach gur fadhb níos mó atá ann.

Éist le Tús Áite ag caint ar an Tuarascáil bhliantúil ón Eagraíocht Meitéareolaíochta Domhanda

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Ag caint ar na nithe go bhféadfaí a dhéanamh in ionad níos lú ba a bheith ag feirmeoirí, dúirt sé go bhféadfaí feabhas a dhéanamh nuair atá na ba ag breith chomh maith leis an tslí a dhéantar na ba a chothú. Mar gheall go bhfuil go leor teachtaireachtaí éagsúla tagtha amach faoin timpeallacht agus an dochar a dhéanann feirmeoirí déiríochta don timpeallacht, deir Mícheál go bhfuil seans ann go mbeidh scéal eile ar fad ann amach anseo.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00