skip to main content

Léiriú ar an léirsiu: An Lá Dearg i mBéal Feirste

Bhí Máirín Ní Ghadhra i mBéal Feirste ar an Lá Dearg, áit a raibh na mílte daoine ar na sráideanna i mbun feachtas le cearta teanga a bhaint amach sna sé chontae.

I measc na n-aíonna a bhí i dteannta le Máirín beo ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich phainéal cainte, bhí Caoimhe Ní Chathail agus an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh a labhair faoi na sluaite a tháinig chuig Béal Feirste lena míshástacht a léiriú faoin dul chun cinn.

Luaigh Dr. Ó Tiarnaigh an obair mhór a rinne díograiseoirí teanga leis an lá mór seo a eagrú agus go gcuimsíonn sé mana Bhéal Feirste, 'ná habair é, déan é'.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Ag caint ón ardán ag an Lá Dearg, dúirt Conchúr Ó Muadaigh, urlabhraí leis An Dream Dearg:

"Tá tacaíocht ollmhór faighte againn inniu agus le blianta anuas don fheachtas chearta teanga ar son acht Gaeilge, ó phobal na Gaeilge iad féin agus ón mhórphobal trí chéile anseo. Bhí fhios againn go raibh lá mór agus rathúil romhainn ach níl amhras ar bith againn gurb é seo an agóid Ghaeilge is mó agus is suntasaí le glúin. Thóg An Dream Dearg gluaiseacht ón bhun aníos atá i ndiaidh ceist na Gaeilge a bhrú ó imeall na sochaí anseo go croílár na díospóireachta polaitiúla go háitiúil agus go hidirnáisiúnta. Is gluaiseacht í seo a thug agus a thugann dúshlán na ceannasaíochta cumhachta agus a chinntigh nach gcaithfear linn arís mar shaoránaigh den dara grád. Ní dhéanfaí imeallú orainn a thuilleadh, tá na laethanta sin thart go deo.

Tá ár dteachtaireacht soiléir agus cruinn. Tá sé in am do Rialtas na Breataine, don DUP agus dreamanna eile atá i gcumhacht deireadh a chur lena gcros fadbhunaithe agus lena mbac leanúnach ar chearta teanga. Tá muid ag fanacht le agus ag éileamh Achta Gaeilge le fada fada an lá. Tá sé anois in am don Acht sin. Ní fhánfaidh muid a thuilleadh ar na cearta teanga sin atá i bhfeidhm ar fud na n-oileán sin cheana féin. Éilíonn muid socrú níos fearr. Éilíonn muid sochaí níos ionchuimsithí do chách, áit a mbeadh meas ar ár rogha teanga, béim ar chaoinfhulaingt agus ar chomhionannas, agus áit a mbeidh ár gcearta teanga fréamhaithe agus aitheanta sa dlí. Tá muid beagnach ann. Acht Anois."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist leis An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra Dé Sathairn ag 11 agus Dé Domhnaigh ag 10 am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta