An tseachtain seo ar Bheo ar Éigean, tá Siún, Sinéad agus Áine ag caint faoi na nithe sa saol a chuireann ag gáire iad... fiú nuair nár cheart! Cén uair ar phléasc siad amach ag gáire go deireanach? Cén áit a aimsíonn siad an chraic dóibh féin?
Phléigh Beo ar Éigean go leor a bhaineann leis an ngreann atá chomh fite fuaite ina saoil siúd agus ag cur ceisteanna ar nós an bhfuil a leithéid de rud ann agus greann na hÉireann?
Éist anseo le Julie Nic Eoin, nó Julie Jay mar is fearr aithne uirthi ag caint faoina gairm beatha mar fhuirseoir ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Labhair Siún mar gheall ar an nós atá ag cuid againn an ghreann a úsáid le dul i ngleic le rudaí tromchúiseacha chomh maith leis an magadh leanúnach a dhéantar in Éirinn. Phléigh Sinéad an chothromaíocht atá le baint amach idir gáire agus a bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine.

Éist le Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One Dé Domhnaigh ar a 6 nó aon am, pé áit a bhfaigheann tú do chuid podchraoltaí