skip to main content

Barrscéalta ag craoladh beo ó Fhéile Róise Rua

Michelle Nic Grianna, láithreoir Barrscéalta
Michelle Nic Grianna, láithreoir Barrscéalta

Tá séasúr na bhféilte fillte agus tá an clár Barrscéalta atá lonnaithe i dTír Chonaill ag dul isteach chuig oileán Árainn Mhór le blaiseadh den cheol agus chomhluadar ag Féile Róise Rua a thabhairt dá gcuid éisteoirí.

Tá traidisiún saibhir ag an oileán maidir le hamhránaíocht agus muintir an oileáin go mór faoi thionchar Róise Rua, nach maireann. Labhair duine den ghrúpa ceoil, Ye Vagabonds, Brían Mac Gloinn le hÁine Ní Bhreisleáin ar an gclár Bladhaire faoi thábhacht oidhreacht Róise.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

I measc na gceoltóirí agus amhránaithe a bheidh le cloisteáil ar an oileán beidh, Saileog Ní Cheannabháin, Mairéad Ní Mhaonaigh, Jimmy Canavan, Tríona Ní Dhomhnaill, Pádraic Keane Seosamh Ó Neachtain & Helen Diamond.

Tosaíonn Barrscéalta ó fhéile Róise Rua ar an Aoine 20 Bealtaine ag 11am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta