skip to main content

An bhfuil fonn ort a bheith ag obair le foclóirí?

Tá Foras na Gaeilge ag lorg eagarthóirí le haghaidh tionscadal nua foclóireachta ina bhfuil i gceist dhá mhórfhoclóir nua a fhoilsiú, foclóir aonteangach Gaeilge agus foclóir nua Gaeilge-Béarla.

Tá i gceist suas le trí cheapachán a dhéanamh do phoist ar chonarthaí seasta cúig bliana, agus beidh an fhoireann nua foclóireachta ag tabhairt faoina gcúram i mí Mheán Fómhair. Is in oifigí Fhoras na Gaeilge i nGaoth Dobhair agus i mBaile Átha Cliath a bheidh na poist lonnaithe ach beidh deiseanna obair chumaisc ar fáil do na daoine a cheapfar.

Is dea-scéala don teanga é go bhfuiltear ag tabhairt faoin dá fhoclóir seo, arsa Pádraig Ó Mianáin, Príomheagarthóir Foclóireachta Fhoras na Gaeilge.

"Tá a fhios ag cách go raibh agus go bhfuil an soláthar foclóireachta comhaimseartha sa Ghaeilge thar a bheith easnamhach, agus cé gur líonadh cuid den bhearna sin le foilsiú an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, aithnítear nach raibh ann sin ach 'tús maith trian na hoibre', mar a déarfá.

Má tá an Ghaeilge le feidhmiú mar theanga acmhainneach nua-aimseartha, tá géarghá freisin le foclóir cuimsitheach aonteangach Gaeilge agus le foclóir comhaimseartha Gaeilge-Béarla. Faoin am a mbeidh an tionscadal nua seo i gcrích, mar shampla, beidh Foclóir Uí Dhónaill féin caoga bliain as dáta. Tá Foras na Gaeilge ag súil, nuair a bheidh na foclóirí nua ar fáil in éineacht leis an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge, go mbeidh an Ghaeilge ar comhchéim le haon mhórtheanga eile ó thaobh acmhainní foclóireachta de."

Tá foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais faoi na poist le fáil ag forasnagaeilge.ie/foluntais. Is é Dé Luain 23 Bealtaine an dáta deiridh le haghaidh iarratas.