skip to main content

An dtarlóidh Acht na Gaeilge ó thuaidh anois?

Labhair An Dochtúir Pádraig Ó Tiarnaigh, Ball den Dream Dearg ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an mórshiúl a tharlóidh i mBéal Feirste Dé Sathairn beag seo.

Beidh mórshiúl eagraithe ag an Dream Dearg ag tarlú Dé Sathairn beag seo an t-aonú lá fichead de Bhealtaine i mBéal Feirste le haird a tharraingt arís ar an easpa dul chun cinn sna 6 contae maidir le hacht na Gaeilge. Deir Dr Ó Tiarnaigh go ndeachaigh An Dream Dearg le bualadh le Boris Johnson a bhí i mBéal Feirste le cúpla lá anuas lena míshástacht ar Acht na Gaeilge a chur in iúl dó.

Cé go bhfuil geallúintí tugtha ag rialtas na Breataine go dtabharfar isteach reachtaíocht teanga deir Ó Tiarnaigh 'bhí muid anseo roimhe' agus nach bhfuil aon mhuinín ag pobal na Gaeilge sa rialtas céanna. Léireoidh an mórshiúl go bhfuil an pobal chun coinneáil orthu ag cur brú ar an rialtas agus nach nglacfaí geallúintí bréaga níos mó.

An Dream Dearg

Ag caint faoin bprótacal atá ag cruthú go leor deacrachtaí sna sé chontae i láthair na huaire, dúirt Ó Tiarnaigh go bhféadfadh an reachtaíocht seo a bhaineann le cearta teanga teacht tríd Westminister mar nach léir go mbeidh rialtas in Stormont go ceann tamaill eile. Dá dtiocfadh an reachtaíocht tríd Westminister dúirt sé go gcothódh sin deacrachtaí eile agus go gcuirfear moill bhreise ar an obair seo.

Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine ag 11