skip to main content

Creimeadh cósta agus bithéagsúlacht i mbaol

Labhair Emma Verling, bitheolaí mara ag caint le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir le turasóireacht agus creimeadh cósta.

Chuir Emma fáilte roimh thurasóirí go háiteanna ar nós Corca Dhuibhne agus deir sí go dtuigeann sí go bhfuil na turasóirí seo fíorthábhachtach ach go bhfuil teannas ann idir na turasóirí an timpeallacht.

Sa chlár seo tá Ferdia ag breathnú ar an tuarascáil is déanaí ón ipcc ar athrú aeráide a shonraíonn na céimeanna nach mór dúinn a ghlacadh chun na héifeachtaí is measa a bhaineann le athrú aeráide a sheachaint.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Cothaítear go leor fadhbanna nuair a bhíonn daoine ag campáil ar thránna nó ag tiomáint orthu agus cé go bhfuil an trá ann chun pleisiúr a thabhairt dúinn, deir Emma go gcaithfidh muid a bheith cúramach nach bhfuil dochar á dhéanamh againn dó.

Molann Emma cothromaíocht le baint amach idir turasóireacht agus an timpeallacht leochaileach na trá mar go bhfuil sí faoi bhrú ón duine daonna ach chomh maith le sin go bhfuil an t-athrú aeráide ag cur brú sa bhreis ar an gcreimeadh freisin.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00