Labhair Eva O' Connor le Tristan Rosenstock ar an gclár An Cúinne Dána mar gheall ar an gcéad fhéile a nascann cúrsaí aeráide leis na healaíona atá ar siúl i Luimneach an tseachtain seo.
Future Limerick Climate Arts Festival atá ar an bhféile agus deir Eva gur bunaíodh é le daoine a spreagadh chun gnímh ar son na haeráide. Roinnt blianta siar, scríobh Eva dráma bunaithe ar an ngéarchéim agus d'éirigh thar cionn leis an dráma sin. Nuair a chonaic Eva go raibh maoiniú ar fáil dá leithéid d'fhéile a bhunú, bhí 'fhios aici go raibh sí ar bhóthar a leasa.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl ó cheol go fuirseoireacht agus filíocht dhátheangach freisin. Luaigh O' Connor go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le greann agus ábhar éadrom a shníomh isteach le hábhar atá ag cothú imní dúinn.
Deir Eva cé nach bhfuil na freagraí ag lucht eagraithe na féile seo faoin ngéarchéim aeráide go bhfuil sé fíorthábhachtach na ceisteanna a chur.
Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoin bhféile anseo
Éist leis An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Satharn ag 10.30am