skip to main content

Féile Nasc ag filleadh ar Pháirc Mharlay

Labhair Oisín Chambers le Tristan Rosenstock ar an gclár An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bhféile cheoil a bheas ar siúl i bPáirc Mharlay an tseachtain seo chugainn.

Bunaíodh Féile Nasc cúpla bliain ó shin mar go bhfuil neart ceoil i gceantar Bhaile Átha Cliath agus an spás ann le féile iontach a reachtáil ann. Dár ndóigh, le roinnt blianta anuas, cuireadh pleananna ar ceal leis an bhféile a eagrú ach deir Oisín go bhfuil teacht aniar iontach sa bhfoireann atá ag obair leo ar an togra seo agus go bhféile den chéad scoth anois ar an bacáin.

I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil ar an lá, beidh Paul Brady, Daoiri Farrell, The Bonnymen chomh maith le Inni-K agus ceoltóirí áitiúla eile

Éist le Eithne Ní Chatháin nó Inni-K ag caint faoina halbam nua ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anseo

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Anuas ar an gceol, chuir Oisín béim faoi leith ar na himeachtaí atá le bheith ar siúl ar an lá do theaghlaigh, ó phéintéireacht aghaidh go ceardlanna drumadóireacht agus an scoil foraoise. Deir Oisín gur iarrachtaí iad na nithe seo le daoine óga a spreagadh i dtreo an cheoil agus go gcothófar a spéis sa chultúr.

Féile Nasc

Is féidir ticéid a chur in áirithe d'Fhéile Nasc, anseo

Éist leis An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn ag 10.30