skip to main content

Cén' ick' is mó a chuireann isteach ar Bheo ar Éigean?

What gives you the 'ick'? On this week's Beo ar Éigean are talking about that very specific feeling they aren't sure you can return from.

Idir duine a bheith sprionlaithe go dtí drochbholadh, tá speictream mór de rudaí a thugann ann 'ick' dúinn. An féidir ariamh teacht tríd an 'ick' le duine agus más féidir, conas?!

Cé go n-aontaíonn na mná ar go leor rudaí, tá 'ickeanna' áirithe atá áirithe do Shiún, do Shinéad agus d'Áine.

Deir Áine nach féidir léi cur suas leis na greamáin a bhíonn ag daoine ina gcarranna ag déanamh cur síos orthu féin mar bhanríonacha ach an bhfuil sin níos measa nó níos fearr ná duine a bhfuil freagraí réamhullmhaithe acu agus iad a mbun agallaimh, mar a luann Siún?

Is féidir leat éisteacht le Beo ar Éigean aon am, aon áit, ar na hardáin phodchraoltaí nó is féidir leat éisteacht leo Dé Domhnaigh ar a 6 ar RTÉ Radio One.