Sa cholún raidió seo a aistríodh go Gaeilge do Thús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, scríobhann Stas Olenchenko, Iriseoir ón Úcráin, faoina chúlra féin agus scéal a theaghlaigh maidir le cúrsaí teanga san Úcráin.

Más ag teacht ón taobh amuigh atá tú, is ábhar casta é comhthéacs teanga na hÚcráine. Sa cholún seo bainfidh mé úsaid as stair mo mhuintir féin chun an caidreamh idir an Úcráinis agus an Rúisis san Úcráin a léiriú. Is Úcráineach dátheangach mé a tógadh i dteaghlach a labhraíonn Rúisis i gCív. Tosóidh mé le roinnt comhthéacs bhunúsaigh. Dhá theanga Slavach éagsúil iad an Rúisis agus an Úcránis. Is féidir le cainteoirí an dá theanga a chéile a thuiscint go pointe ach tá siad níos éagsúla óna chéile ná mar a cheapann a lán daoine. Ach sin scéal eile.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Roimh an ré Shóivéadach, seo mar a bhí léarscáil teangeolaíochta na hÚcráine: ba chainteoirí Úcráinise 70-90% den daonra tuaithe i bhformhór na hÚcráine. B'Úcráinigh formhór an daonra ar bhonn eitneachta chomh maith, ach bhí meascán iontach cultúr san Úcráin riamh anall. Ag amanna éagsúla sa stair nua-aimseartha bhí codanna den Úcráín faoi riail na Rúise, na Polainne agus fiú na Túirce. Sin an chúis nárbh Úcráinigh an daonra uirbeach den chuid is mó, agus labhair siad Rúisis, Polainnis agus Giúdais sa ré réamh-Shóivéadach. Ní raibh na cathracha an-mhór áfach, agus géilleagar tuaithe don chuid is mó a bhí sa tír.

Anois, maidir le mo mhuintir. Téann teaghlaigh m’athair agus mo mháthair siar go réigiún Chív. Cheap mé riamh go raibh seo thar a bheith leadránach mar go raibh fréamhacha ó cheantracha eile ag nach mór gach éinne i gCív. Ach ní mise. Mo shinsir ar fad, ba chainteoirí Úcráinise agus feirmeoirí tuaithe iad sular tháinig na Sóivéadaigh i gcumhacht. Bhláthaigh an Úcráinis san am sin, in ainneoin iarrachtaí leanúnacha na Rúise fáil réidh leis ó leabhair, ó scoileanna agus ón ealaíon.

Chuir an Rúis srian ar úsáid na hÚcráinise ó thús an ochtú céad déag, agus in 1876 fógraíodh ordú Ems. Chuir sin cosc ar an Úcráinis i gcló, san oideachas, san ealaíon, sa cheol, agus cuireadh cosc ar í a úsáid go poiblí. Bhí sé i gcoinne an dlí fiú leabhair Úcráinise a iomportáil ó iarthar na hÚcráine a bhí faoi riail na Polainne.

Ach an t-aon rud ar bhain an Rúisiú cóilíneach seo amach ná gur cruthaíodh Surzhyk, meascán mearaí den Úcráinis agus den Rúísis a tháinig chun cinn mar go raibh raibh an t-oideachas agus an chumarsáid stáit i Rúisis amháin. Is dócha gur úsáid mo shinsir leagan éigin den Surzhyk ina saol laethúil.

Dornán canuintí béil is ea Surzhyk. Níl aon rialacha scríofa aige agus athraíonn sé go mór ó réigiun go réigiún. Toradh is ea é ar na céadta bliain de Rúisiú éigeantach agus de neart an tionchair Rúisigh ó réigiún go réigiún.

Ach seachas Surzhyk, is ar éigin gur éirigh leis an Impireacht Rúiseach cosmhuintir na hÚcráine a Rúisiú. A mhalairt scéil a bhí ann nuair a tháinig foirm eile, foirm níos déine, den gcos ar bolg. An ré Shóibhéadach. An rud nár chuir an Rúis i gcrích thar na cianta, rinne na Sóibhéidigh i bhfaiteadh na súl.

Ba dhéagóir mo shin-sheanathair Stepan nuair a thosaigh na Sóibhéidigh an glacadh aonseilbhe i 1929. Bhí feirm bheag ag a mhuintir, mar sin b’éigean dóibh teitheadh ionas nach gcuirfí chun na Sibéire iad. Sin mar a tháinig Stepan - buachaill tuaithe Úcráineach - go Cív de shiúl na gcos. Fuair sé post i stáblaí seirbhís thacsaí a bhí ag fear Giúdach. Tar éis roinnt post mar oibrí a bheith aige, thosaigh an Dara Chogadh Domhanda. Ba phriosúnach cogaidh é agus ba bheag nár mharaigh creacht catha é, ach is i rith an chogaidh freisin a chas sé leis an bhean a phós sé. Tugadh taillte dóibh lasmuigh de Chív i 1945

Saolaíodh mo sheanathair Vova i 1945 agus tógadh é siúd i gclann a bhí fós ag labhairt na hÚcráinise ag an tráth sin. Tríd an scolaíocht, an ollscoil, agus a sheal san airm thiontaigh sé ar an Rúisis, agus is tríd an Rúisis go príomha a bhí a shaol sóisialta. B’shin toradh an pholasaí Shóibhéidigh chun "Rúisiú" a dhéanamh ar an bpobal. Tar éis an Dara Chogadh Domhanda, chuir an Aontas Sóibhéadach coincheap an "náisiún mór Rúiseach" chun cinn, ina raibh gradam agus meas ag baint le bheith i do Rúiseach. Thiontaigh scoileanna agus ollscoileanna ar mheán na Rúisise amháin. "Náisiúnachas bourgeois" a bhí in aon náisiúntacht eile.

Anois, níor thárla an t-athrú sin thar oíche. Bhí an réamhobair déanta i bhfad roimhe sin le hAthbheochan an Chur Chun Báis, sna 1930í. Na céadta filí, scríbhneoirí, agus ealaíontóirí Úcráineacha, cuireadh chun báis iad nó díbrídh iad go dtí an tSibéir. Cuireadh na míle oideachasóir Úcráineach eile as a bpost nó sa phríosún. Tharais sin, fuair 4 mhilliún Úcráineach bás leis an ocras i gcinedhíothú Holodomor, 1932-33.

Cuimhnigh freisin gur cailleadh suas go 19 milliún Úcráineach sa Dara Cogadh Domhanda, agus is duairc an íomhá a fhaightear ar an ngéarleanúint agus an scrios a deineadh ar an bhféiniúlacht Úcráineach. Tar éis 1945 mar sin, bhí forlámhas Rúiseach daingnithe sa tsochaí. B’éigean duit Rúisis a labhairt chun dul chun cinn a dhéanamh ar scoil, i do ghairm, agus le go mbraithfí gur duine oilte tú. Seo seanchleas an díothú cultúrtha, agus an cleas á imirt ag na Sóibhéidigh.

Is é an rud faoi na Sóibhéidigh nár aithin siad riamh oidhreacht chóilíneach na Rúise. Bhí impiriúlachas na Rúise fite fuaite sa saol Sóibhéadach, agus lean mórán institiúidí Sóibhéadacha leis na polasaithe céanna bigóideacha, seineafóibeacha, Rúis-lárnacha a bhíodh riamh á gcleachtadh.

Ach ar ais go Vova. Chas mo sheanathair Vova ar Vera, cailín tuaithe a tháinig go Cív chun staidéar ann- thiontaigh sise ar an Rúisis freisin ar mhaithe le dul chun cinn a dhéanamh sa saol. Tháinig m’athair, Oleksandr (Sasha) agus a leathchúpla ar an saol i 1970. Tógadh an bheirt deartháir i gclann a labhair Rúisis anois. Is cuimhin liom iarraidh ar mo sheanmháthair cén fáth gur chinn siad an clann a thógaint trí Ghaeilge nuair ab Úcráinis a bhí aicise agus ag Vova ón gcliabhán. Dúirt sí nach cinne a bhí ann - díreach gur mar sin a tharla sé. Ba chuimhin le Vera a bheith ag siúil chun na hoibre sna 60í. Théadh sí thar bhóthar Khreshchatyk, áit a raibh an bhuíon deireanach de na hintleachtóirí ina gcónaí - b’shin an t-aon áit i gCív gur chuala sí Úcráinis á labhairt. Sin mar a thiontaigh muid ar an Rúisis - mar nach raibh fiúntas le hÚcráinis in aon chuid den saol. Tharraingeodh Úcráinis aird agus míchlú ar dhuine - níl aon rud níos measa i Stát ollsmachtach.

Éist anseo le hEdel Ní Loibhéad ar An Saol Ó Dheas ag tuairisciú ar theifigh ón Úcráin i gCorca Dhuibhne

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Bhí Stepan fós thart, dar ndóígh - é fós ag labhairt Úcráinise agus ag fulaingt le neamhord strus iarthrámach agus paranóia (cé nach raibh ainm acu ar na galair úd san am sin). I súile na bpáistí urbacha san am sin, ba theanga na lúdramáin tuatacha a bhí san Úcráinis, agus b’eiseamlár na híomhá sin é Stepan. Trí sheans, cuireadh m’athair go ceann den líon bheag scoileanna Úcráinise i gCív, mar sin bhí sé líofa sa dá theanga nuair a bhain sé a chéim amach. Eisceacht ab ea é, toisc gur chaill formhór muintir na cathrach a gcumas Úcráinise (nó Surzhyk) faoin am go rabhadar fásta.

Bóthar éagsúil a bhí ag mo mháthair Natalia. Cainteoirí Surzhyk ab ea a tuismitheoirí, a tháinig go Cív ón dtuath chun oideachas agus slí beatha a aimsiú. Tógadh mo mháthair i dteaghlach a labhair Surzhyk, agus d’fhreastail sí ar scoil Rúiseach. Níor fhoghlaim sí Úcráinis cheart go dtí go raibh sí déanach sna 20í, ag cabhrú liomsa le m’obair bhaile. Dúirt Mam liom gur fhoghlaim sise agus a beirt deirfiúr ag aois óg gur cheart Rúisis a labhairt lasmuigh den tigh. Chuireadh sé náire an domhain orthu nuair a ghlaodh a máthair ar ais ón gclós súgradh iad. Bhíodh na páistí eile ag spochadh as páistí a labhair Surzhyk, an dtuigeann tú. Cheapfainn gur’b cainteoirí rúnda Surzhyk mórán de na páistí sin a bhíodh ag spochadh astu. Ach sin mar a fheidhmníonn an cóilíneachas. Déantar dísbheagadh ar chultúir na cóilíneachta, á chur i leith gur truflais dúr, salach é.

Sin a bhí ag titim amach i ngach cearn den Aontas Sóibhéadach, ó na caogaidí go dí na hochtóidí. Ní eisceacht a bhí san Úcráinis. Chuir a gcultúr náire ar pháistí, agus bhíodar ag iarraidh guth, cuma, agus aoibh Rúiseach a chur orthu féin. Ba í Rúisis teanga an rachmais. I ndáiríre, ba í an Rúisis AN Teanga. Ní raibh sna teangacha eile Sóibhéadacha ach canúintí seafóideacha seanchaite. Agus sin an chúir gur’b cainteoirí Rúsise óga as Cív mo thuismitheoirí nuair a chas siad ar a chéile i 1989.

Bhí mo thuismitheoirí ag siúil amach le roinnt míonna nuair a fuair m’athair amach gur labhair mo mháthair an teanga Surzhyk sa bhaile. Níor thug sé seo le fios, ach dúirt sé liom uair amháin gur bhain sé stangadh mór as nuair a thuig sé an scéal. Bhí mo thuismitheoirí óg, saonta, agus frith-Shóibhéadach nuair a thit an Aontas. Fiú anuas ar an Rúisiú ar fad agus an sú isteach Sóibhéadach, bhraith an-chuid Úcráineach impririúlachas na Rúise ar leibhéal níos deimhne. Thuigeadar go rabhadar in áit na leathphingine, agus bhí siad ag iarraidh go dtreabhfadh an Úcráin a fearann féin.

Saolaíodh mise sna blianta luaithe, bochta sin de shaoirse na hÚcráine. Cé go raibh claonadh Úcráineach, frith-Shóibhéadach ag mo mhuintir, níor thiontaíomar ar an Úcráinis. Labhair muid Rúisis sa bhaile agus le Vova agus Vera, a bhí ina gcónaí gar dúinn. Cén fáth? Bhuel níor shamhlaigh daoine aon cheangal idir Rúisis a labhairt agus a bheith Rúiseach, nó ar son na Rúise.

An gnáth-rud a bhí ann, go háirithe sna caithreacha móra, agus níor ceistíodh é. Ba ghnáthchuid den saol é, Rúisis a labhairt. Chuala mé an-chuid Surzhyk nuair a chuaigh muid ar cuairt go muintir mo mháthair. Bhraith mé sin aisteach. Ach léiríonn sin rud amháin - fiú sna 90í agus ag tús an 21ú aois, canúint shalach ab ea Surzhyk fós. Ghlac mé an dearcadh sin chugam féin mar pháiste.

Anois i gcomparáid leis na 70í. bhí dul chun cinn dochreidte ag tarlú san Úcráin is mé óg. Bhí an Úcráinis ag filleadh, cé gur fhilleadh mhall a bhí ann. Murab ionann is mo thuistí, a tógadh le Rúisis agus dríodar na hÚcráinise, tógadh mise go dátheangach. Bhí mé líofa sa dá theanga, idir scríobh agus caint. In ainneoin sin, ba í Rúisis an teanga teaghlaigh fós.

Tar éis an Réabhlóid Oráiste i 2004, tháinig athrú eile. Go tobann d’fhás féiniúlacht Úcráineach níos foirleithne. Thosaigh comhráití feargacha i mo chlannsa faoin chaoi gur labhair muid Rúisis mar thoradh ar chiapadh stairiúil na Rúisigh orainn. Chomh maith le sin, thosaigh daoine ag aithint gur ghá an Úcráinis a chaomhnú ó thionchar na Rúisise. Bhí popchultúr na Rúise fós foirleathan. Bhí níos mó airgid agus tionchair ag na Rúisigh, agus ón ré Shóibhéadach i leith, bhí neart Úcráinigh sáite sa chultúr Rúiseach. Thosaigh bolscaireacht Rúiseach agus taobhaithe na Rúise ag déanamh cnámh spáirne den teanga. Ní raibh iarrachtaí díchóilínithe na hÚcráine ró-snasta in amanna, ach cuireadh ina leith go rabhadar frith-Rúiseach. Rinne an Rúis féin cnámh spáirne as an gcaint ar fad faoi leatrom a bheith déanta ar chainteoirí Rúisise. I ndáiríre, tá an Úcráin réchúiseach faoi chúrsaí teanga, agus tá sí dátheangach den chuid is mó. Ní dheanfaidh aon duine breithiúnas pholaitiúil faoi conas a labhrann tú sa bhanc nó i siopa.

Ach ghlac an Rúis go pearsanta é nuair a thosaigh an Úcráin ag díochóilíniú agus ag gluaiseacht i dtreo an AE. Sin cuid den chúis go ndearna an Rúis ionradh ar an gCrimé, i ndiaidh Réabhlóid na Dínite i 2014, agus gur thosaigh sí an cogadh i Donbas. Nach íorónach an rud é, mar sin, gur tharla athbheochan eile ar an Úcráinis tar éis 2014. D’iompaigh daoine ar an Úcráinis, agus thosaigh an popchultúr á scaradh féin ón Rúis. Bhraith an pobal Impiriúlachas na Rúise an athuair, agus bhí siad tuirseach de.

Cé gur cainteoirí Rúisise muid, bhí mo chlann i gcónaí báúil don Úcráin. Bhíomar ag Maidan i 2004 agus 2014. Diaidh ar ndiaidh, mhéadaigh dímheas agus droch-cheann i dtreo na Rúise toisc gach rud a rinne sí orainn agus ar ár sinsear. Is iomaí clann atá tar éis a bhféiniúlacht Úcráineach a aimsiú arís le blianta beaga anuas. Mo chlannsa ina measc. Den chéad uair le nach mór céad bliain, tá mo theaghlach ag labhairt Úcráinise bhinn sa bhaile arís. Ní iompú iomlán é seo go hÚcráinis amháin - ach is iarracht comhfhiosach e chun an Úcráinis a thabhairt isteach sa chlann. Mar is anois a thuigeann muid conas a déanadh Rúisiú ar ár gclanna, agus cén fáth. Anois a thugimid an ghá atá ann ár stair agus ár gcultúr a athghabháil.

Sin an scéal ar mhian liom a insint. Dhá phointe deiridh -

1) tá na mílte clanna ann cosúil le mo chlannsa, a d’fhulaing gortaí, cogaí agus Rúisiú éigeantach. Níl aon bhaint ag a gcumas Rúisise lena n-oidhreacht, ná lena gclaontaí polaitíocha.

2) Is meascán canúintí agus teangacha atá san Úcráin, ach tá gach ceart aici a feiniúlacht a dhíchóilíniú agus scaradh amach ón Rúis. Ráiméis a bhí riamh in aon chaint faoi leithcheal i gcoinne cainteoirí Rúisise. Deirim sin mar chainteoir Rúisise ón gcliabhán.

Nuair a scríobh mé faoi seo ar na meáin shóisialta, fuair mé iliomad freagraí ó Éireannaigh a chonaic macalla dá scéal féin i mo scéalsa. Tá an-áthas orm mo scéal a roinnt le pobal na Gaeilge. Mar chríoch, iarraim oraibh tacú leis an Úcráin is í ag troid ar son a saoirse. Slava Ukráini, An Úcráin go brách!

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6