An tseachtain seo ar Bheo ar Éigean, tá na BAÉs ag caint faoi na tréimhsí is deise sa lá, ó chéad rud ar maidin go déanach san oíche.

Tá saol éagsúil againn uilig ach tá tréimhsí faoi leith a thaitníonn linn uilig, an chéad chupán caifé, an deich nóiméad sa charr linn féin nó an mothúchán sin nuair a bhaineann tú díot éadaí an lae. An gcuireann muid am ar leataobh le machnamh a dhéanamh i rith an lae, an fiú sin a dhéanamh? An mbíonn muid ag caint linn féin le muid féin a spreagadh?

Beo ar Éigean

Is féidir leat éisteacht le Siún, Sinéad agus Áine ar chlár Marty Morrisey ar RTÉ Radio One ag caint faoin gclár agus an chraic a bhaineann siad as anseo.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One, Dé Domhnaigh ag 6pm nó pé am, pé áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí