Labhair Sinéad Mercier, Léachtóir sa Dlí cosanta comhshaoil, UCD ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin rabhadh a thug an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta faoi theocht an domhain agus dul in airde.

Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta go bhfuil dóchúlacht 50% ann go sroichfidh an mheán-teocht dhomhanda bhliantúil 1.5 céim Celsius os cionn leibhéal réamhthionsclaíocha i gceann amháin den chéad cúig bliana eile ar a laghad. Ciallaíonn sin go ndéanfar dochar don duine daonna agus don domhan uilig.

Éist anseo le hEllen Hegarty ag caint faoin imní atá léirithe ag eolaithe ar fud an domhain mar gheall ar arduithe teochta nach raibh coinne leo san Artach agus san Antartach.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Deir Sinéad go bhfuil eolaithe ag rá má tá muid chun stop a chur leis an athrú seo ar theocht an domhain, caithfear stop a chur leis na gníomhaíochtaí atá ag cur leis an teocht agus infrastructúr glas a chur ina áit. Mura ndéanfar na hathruithe seo, tá baol ann go mbeidh dochar as cuimse déanta don domhan agus nach mbeidh áiteanna ar nós na hoileáin Maldives ann a thuilleadh agus beidh ar na daoine dúchasacha bogadh ar nós teifigh go tíortha eile.

Luaigh Sinéad go bhfuil ceist ann do thíortha saibhre faoi tslí a bhfuil siad ag caitheamh leis an timpeallacht agus na himpleachtaí a bheadh aige sin ar thíortha bochta amach anseo.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6