Labhair Dara Ó Cinnéide le Helen Ní Shé mar gheall ar an dá chluiche a d'imir Ciarraí ag an deireadh seachtaine, Corcaigh i gcoinne Chiarraí agus an cluiche faoi 20 i gcoinne Thír Eoghain ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Cé go raibh go leor siar agus aniar faoin bpáirc imeartha idir Corcaigh agus Ciarraí, deir Ó Cinnéide gur scéal thairis a bhí ansin ar deireadh agus go raibh an pháirc go breá ar fad ar an lá. Thug Ciarraí leo an lá go bog agus bhí siad sásta lena mbua ach deir sé freisin go raibh foireann Chorcaí sásta freisin mar gur léirigh siad 'spiorad' nach bhfacthas go dtí seo iontu, i gcaitheamh na sraithe.

Maidir le David Clifford, réalt de chuid Chiarraí, dúirt Dara gur éirigh le Corcaigh a thaispeáint do fhoirne eile gur féidir leo é a cheannsú má leanann siad múnla Chorcaí. Ar an drochuair do Chiarraí, tá tréimhse trí seachtaine anois gan aon chluiche ag foireann Chiarraí agus beidh go leor traenála le déanamh sula dtugann siad aghaidh ar an gcéad fhoireann eile.
Fuair foireann faoi 20 Thír Eoghain an ceann is fearr ar Chiarraí agus is iad sin an chéad ghlúin eile atá ag teacht in inmhe agus deir Dara go bhfuil go leor le foghlaim ón gcluiche sin ag foireann na Ríochta ach go bhfuil imreoirí á bhforbairt sna cluichí seo.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00