Labhair an t-amhránaí Síomha le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar a halbam nua, Infinite Space
Mhínigh Síomha go raibh sí ag obair i gcomhpháirt leis an bhfile dátheangach, Ciara Ní É ar fhilíocht agus ar aistriúchán a dhéanamh ar a cuid amhrán go Gaeilge le déanaí. Dúirt Síomha go bhfuil sé i gceist aici a cuid amhrán féin a chumadh as Gaeilge amach anseo agus nach maith léi lipéad ar bith a chur ar a cuid ceoil. 'Ní smaoiním ar teorainn agus mé ag scríobh', a deir sí mar gheall ar na hamhráin a chumann sí.
D'fhás Síomha aníos i dteach a raibh go leor ceol traidisiúnta ann agus cé nach raibh sí tógtha leis ag an am tá sí fillte air ó shin, cé nach é sin an saghas ceoil a sheineann sí. Maidir lena halbam nua, deir Síomha gur próiséas spioradálta a bhí ann di agus gur sheas sí siar agus gur scaoil sí leis an gceol teacht amach mar ba mhian leis. I measc na dtéamaí a luann sí atá le cloisteáil ar an albam, tá athruithe sa saol chomh maith leis an teoiric, gur mar a chéile muid uilig.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00