Labhair An Saol Ó Dheas leo siúd atá ag plé le muintir na hÚcráine atá ag cur futhu in áiteanna éagsúla i gCiarraí, ó Bhaile na Sceilg go Corca Dhuibhne ar an gclár, An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Labhair príomhoide scoile in Sráid a' Mhuilinn, Pól Ó Síochain mar gheall ar an beirt is fiche daltaí scoile as an Úcráin atá anois ag freastal ar an scoil agus tuilleadh le teacht sna seachtainí atá le teacht. Dúirt Pól go bhfuil an-spéis ag na daltaí seo san oideachas, cuid acu ag déanamh staidéir do scrúduithe na hÚcráine chomh maith le scolaíocht na hÉireann. Cé go bhfuil taithí ag an scoil seo ar an ilchultúrachas, dúirt Pól go gcuirfeadh scéalta na ndaltaí atá tagtha ón Úcráin sceon ort.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Labhair an t-Oifigeach Pleanála Teanga in Uíbh Ráthach, Viktor Bayda ar conas atá siad a socrú síos i mBaile an Sceilig, ceantar Gaeltachta. Cé go ndeir sé nach bhfuil an oiread go bhféadfaidís a dhéanamh do na daoine seo, tá siad ag ullmhú físeán speisialta le fáilte a chur rompu chuig an gceantar. Amach anseo, deir Bayda go bhfuil féidearthachtaí ann le ranganna nó acmhainní breise a chur ar fáil do na daoine seo.

Labhair Edel Ní Loibhéad le baill Naomh Uinsean de Pól in ostán Chorca Dhuibhne, ina measc, Paddy Ó Cíobháin, Máire de Baróid, Roibeárd Ó Brosnacháin mar gheall ar na dúshláin atá roimh an bpobal seo agus iad anois in áit iarghúlta, gan aon charr nó córas iompair poiblí.
Éist leis an Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00