Léirmheas ar an leabhar nua-aistrithe, An Bás sa Veinéis sa Chúinne Léitheoireachta leis an Dr. Caitríona Ní Dhúill agus Dónall Mac Pháidín agus láithreoir an chláir, An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Tristan Rosenstock
Aistriúchán nua é seo ar leabhar a scríobh Thomas Mann breis agus céad bliain ó shin. Léiríodh leaganacha éagsúla den téacs mar bhallet, mar dhráma agus neart eile ó shin. Seo an chéad aistriúchán go Gaeilge ar an téacs tábhachtach seo.
Deir Dr Ní Dhúill gur pearsa ealaíonta é reacaire an scéil, a bhfuil tuirse air. Mar a léiríonn an teideal, ní scéal é seo a bhfuil críoch dearfach air ach tá claochlú speisiúil a tharlaíonn dó ag deireadh an scéil, sa Veinéis.

Deir Dónall Mac Pháidín gur siombal é an príomhcharactar chomh maith agus go bhfuil cuid mhaith den scéal ag plé leis an meath.
Ag caint ar aistriúchán an leabhair, mhol Caitríona an obair a rinneadh air chun Gaeilge nádúrtha ar chur ar nathanna dúchasacha, Gearmánacha.
Éist leis An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Satharn ag 10.30am