Labhair an file agus scríbhneoir, Ciara Ní É le Helen Ní Shé ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an bua sa chomórtas Físín, leis an scannán, An Cailín Aimsire.
Spreag tréimhse a chaith Ciara in Uíbh Ráthach le linn na paindéime an scéal seo a roghnaíodh mar bhuaiteoir ar Comórtas Físín na bliana seo. Pléann 'An Cailín Aimsire' le beirt bhan atá ina gcónaí faoin tuath sna 1920í agus a bhfuil caidreamh grámhar eatarthu agus gach a eascraíonn as sin i gcomhthéacs na hÉireann a bhí go mór faoi smacht ag an Eaglais Chaitliceach ag an am. Beidh ról lárnach ag an amhránaíocht ar an sean nós sa scannán mar go bhfuil an traidisiún an-láidir mianta an chroí a cheilt sna liricí.
Déanfar gearrscannán timpeall ar 15 nóiméad as an scéal agus cé go ndeir Ciara nach mbeidh sí ann an scéal ar fad a insint, tá go leor i gceathrú uair a chloig chun roinnt mhaith a insint.
Léireofar an scannán ag Féile na Bealtaine na bliana seo chugainn sa Daingean le linn na féile.
Éist leis an Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00