skip to main content

Éigeandáil na bhForaoisí Báistí Éigeandáil na bhForaoisí Báistí

Scriosadh achar 10 bpáirc peile ar an méan d'fhoraoisí tropaiceacha gach nóiméad le linn na bliana seo caite de réir taighde nua ó Global Forest Watch. Labhair an gníomhaí aeráide, Siothrún Sardina ar an gclár, Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi seo

Mhínigh Siothrún go bhfuil scéal na dtinte sa Amasóin ag cur leis an téamh domhanda agus go bhfuil scrios á dhéanamh ar cheann de na foraoisí is tábhachtaí sa domhain freisin. Cé go bhfuil níos mó eolais againn ná mar a bhí ariamh maidir leis an éigeandáil a bhaineann le hathrú aeráide, deir Siothrún gur ceist airgid í seo a bhaineann le dífhoraisiú.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Tá airgead fós le déanamh ag daoine atá timpeall ar an bhforaois as an talamh seo agus dá réir, níltear ag smaoineamh ar an am atá le teacht ach ar an airgead atá le déanamh láithreach bonn.

An Amasóin trí thine

Le deireadh a chur lena leithéid de thaisme, tá gá le hathrú i meon na ndaoine a chaitheann vóta le brú a chur ar na comhlachtaí éirigh as an gcleachtas seo. Admhaíonn Siothrún nach bhfuil sé éasca teacht ar réiteach na faidbhe seo, ach go háirithe i dtíortha ina bhfuil bochtanas forleathan ann ach deir sé gur féidir na hathruithe seo a dhéanamh ach tíortha a bheith ag teacht le chéile leis na spriocanna seo a bhaint amach.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 5