skip to main content

Lá mór na Gaeilge san Ardchathair

Scríobhann Mícheál Ó Nualláin, Stiúrthóir Baile Átha Cliath le Gaeilge mar gheall ar na himeachtaí atá pleanáilte do Lá mór na Gaeilge agus an tábhacht lena leithéid de lá.

Ar an Domhnach, 1 Bealtaine 2022, beidh Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1, ar bís le himeachtaí agus taispeántais éagsúla ar fáil do chách i gcomhair Lá Mór na Gaeilge.


Is ceiliúradh ar éagsúlacht na gcainteoirí Gaeilge san ardchathair é Lá Mór na Gaeilge. Cuirfear an réimse shaibhir d'obair chruthaitheach atá á déanamh trí Ghaeilge os comhair an phobail. Cuirfear spás ar fáil do dhaoine ag gach leibhéal líofachta.

Clár an lae

Beidh an lá seo mar sheoladh den chéad bhliain de Lá Mór na Gaeilge le clár lán d'imeachtaí ó 12-4i.n, le gach cineál imeachta ó; taispeántais ceoil, seónna sráide, aoichainteoirí, ceardlanna, roghanna bia lán-ghaelach, Comórtas idir Gaelcholáistí ar an mór stáitse agus go leor eile.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Beidh tráthnóna de thaispeántais ó The Bonny Men, Scannal, Grooveline, seó tallainne ó Bhunscoileanna, Comórtas idir Gaelcholáistí agus Céilí Ollmhór ar an Stáitse Mór nó téigh chuig an bPuball Cainte le cloisteáil ó chainteoirí ar nós Bhláthnaid Ní Chofaigh, Bernard Dunne, Ola Majekodunmi, Roxanna Nic Liam, Kate McDaid, Seán Ó Dubhchon, Lisa Nic an Bhreithimh, na GaelGals agus roinnt eile.

Ola Majekodunmi

Beidh ceardlanna ar nós: bunús ar an mbodhrán le The Bodhrán Buzz, agus bunús ar an gconsairtín le hAoife Ní Argáin. Beidh cúpla steip á mhúnadh ag Ruadhán Ó Flatharta le ceardlann ar dhamhsa ar an Sean Nós le & beidh roinnt phost á chasadh ag Aodán Ó Ceallaigh le ceardlann canadh ar an sean-nós chomh maith. Is féidir foghlaim conas blagáil nó TikTokanna as Gaeilge a chruthú le foireann BLOC TG4. Buail isteach go dtí an ar bhailiúchán Ghailearaí Hugh Lane ag 1:30i.n. i gcóir turas trí Ghaeilge nó bain taitneamh as biachlár atá faoi anáil na hÉireann ag bialann an bhailiúchán, Luncheonette. Bí ag spraoi ar na cluichí ollmhóra a bheidh ar fáil ar nós Twister, Jenga, Limbo is go leor eile.

Breathnaigh ar na stainníní margaidh de thrádálaithe Gaeilge inar féidir leat tacú le fiontar trí Ghaeilge nó éadach dara lámh a cheannach as Aonach Amárach. Ansin, glac sos le cupán tae agus greimín le hithe a hordú ón margadh bia lán-Ghaelach le Caifé Aon Scéal agus OAT.ie.

Cén fáth go bhfuil Lá Mór na Gaeilge ag teastáil?

Buaileann Baile Átha Cliath le Gaeilge agus an Fochoiste Gaeilge ón gComhairle Cathrach le chéile go rialta agus bheartaíomar ar lá a dhéanann ceiliúradh ar an teanga a chur le chéile le deis a thabhairt do dhaoine ag gach leibhéal líofachta an Ghaeilge a fheiceáil beo sa chathair. Go háirithe i ndiaidh dhá bhliain crua de dianghlasáil agus srianta, tá deis againn féile spreagúil gealgáireach a chur ar fáil do mhuintir Bhaile Átha Cliath. Cé nach bhfuil an Féile I mbliana ach mar seoladh, tá súil againn go leathnóidh sé ar fud fad na cathrach sna blianta amach romhainn.

Ón pobal bhrath is déanaí ó "Do Bhaile Átha Cliath, Do Ghuth" i mí Feabhra 2022, dúirt 69% de freagróirí gur mhaith leo tuilleadh Gaeilge agus dúirt 66% de freagróirí gur mhaith leo tuilleadh Gaeilge a chloisteáil. Tá Baile Átha Cliath le Gaeilge ann leis an nGaeilge a normalú timpeall na cathrach agus cén bealach níos fearr sin a dhéanamh ná Féile Sráide láraithe ar éagsúlacht na gcainteoirí Gaeilge a chur le chéile!

Má bhfuil tú iomlán líofa nó díreach le cúpla focal, beidh an lá seo ar fheabhas don teaghlach ar fad! Bígí linn don Ceol, Cultúr, Caint & Craic! Fáilte roimh chách – gach leibhéal líofachta! Tuilleadh eolais ag lamornagaeilge.ie agus ar na meáin shóisialta @lamornagaeilge