skip to main content

Amhrán an Earraigh le John Spillane

Labhair an t-amhránaí agus ceoltóir as Corcaigh le Dara Ó Cinnéide ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina chuid oibre is déanaí.

Tá John ar chamchuairt na hÉireann faoi láthair agus é ag ceiliúradh a shingil nua atá eisithe le déanaí. Deir John go bhfuil sé ag súil go mbeadh an t-amhrán nua seo mar gheall ar chrainn silíní cosúil lena leagan féin de Fairytale of New York a sheinntear gach bliain aimsir na Nollag.

Chas John leagan Gaeilge den amhrán Béarla a scríobh sé, All the Ways you Wander, aistrithe ag Simon Ó Faoláin beo ar an gclár.

John Spillane agus Pauline Scanlon

Mhínigh John gur scil faoi leith é an t-aistriúchán a dhéantar ar amhráin leis na liricí cuí a chur leis an gceol a chumann sé.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00