Sraith nua de "Scannal" ag tosú Dé Máirt, 26 Aibreán ar RTÉ One ag 7pm

We need your consent to load this comcast-player contentWe use comcast-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences



Cuirfear tús le sraith nua de Scannal Dé Máirt, 26 Aibreán ar RTÉ One ag 7pm agus scéal Annie McCarrick a bheidh faoi chaibidil sa chéad chlár. Ba bhean óg Meiriceánach í Annie McCarrick, a bhí ina cónaí i mBaile Átha Cliath. D'imigh sí gan tásc ná tuairisc i mí an Mhárta 1993 agus ní fuarthas amach riamh cad a tharla di. I measc na ndaoine a insíonn an scéal seo sa chlár, tá an t-iar Bhleachtaire Garda, Thomas Rock, a d’fhiosraigh an cás; Marisa Mackle, cara le Annie; agus Kenneth Strange, iar-ghníomhaire FBI atá mór le muintir McCarrick.

Annie Mc Carrick, grianghraf le caoinchead Nancy McCarrick

Rachaimid siar ar bhóithrín na smaointe le Scannal – Floozie in the Jacuzzi, Dé Máirt, 3 Bealtaine. 1988 a bhí ann agus bhí gach aon saghas ceiliúradh ar siúl do mhílaois Bhaile Átha Cliath. Ba ansin a tháinig Anna Livia ar an bhfód, ar Shráid Uí Chonaill, dealbh agus scairdeán, a bhí go mór i mbéal an phobail agus ní i gcónaí ar chúis dhearfach! Thaitin sí le daoine, agus níor thaitin - ní raibh aon ghanntanas tuairimí ar gach taobh. Caithfear súil siar ar aistear Anna Livia thar na blianta agus í thuas seal thíos seal ach í i gcónaí ina ábhar díospóireachta. I measc na n-aíonna ar an gclár, tá an t-aisteoir agus scríbhneoir, Roxanna Nic Liam; an fuirseoir, Aideen McQueen agus Ray Yeates, Oifigeach Ealaíon na Cathrach.

Anna Livia

I mí Dheireadh Fómhair 1987, fuadaíodh an fiaclóir John O’Grady óna theach i mBaile Átha Cliath. Níorbh fhada go bhfuarthas amach gurbh Dessie O’Hare, nó an "Border Fox" mar a tugadh air ag an am, a bhí ina mbun agus go raibh an duine mícheart tógtha aige agus a dhrong. I leagan speisialta de Scannal, inseofar scéal dochreidte fhuadach John O’Grady thar dhá chlár. Ar feadh beagnach seacht seachtaine, bhí greim ag an scéal seo ar an tír ar fad, gach cor agus casadh - agus bhí go leor acu ann. I measc na n-aíonna ar an gclár, tá beirt a bhí i lár an aonaigh sa scéal seo: deartháir céile le John O’Grady, Dave Darragh, a labhraíonn faoin tionchar a bhí ag an eachtra ar a mhuintir, agus an tAth. Brian D’Arcy, a thiomáin an carr leis an £1.5m d’airgead fuascailte, agus é cinnte nach mbeadh sé ag teacht ar ais.

Garry Mc Donncha agus Dave Darragh

Scannal – Annie McCarrick | Dé Máirt, 26 Aibreán, 7pm ar RTÉ One

Scannal – Floozie in the Jacuzzi | Dé Mairt, 3 Bealtaine, 7pm ar RTÉ One

Scannal – The O’Grady Kidnapping and the Border Fox | Dé Máirt, 10 & 17 Bealtaine, 7pm ar RTÉ One

Léigh níos mó faoi scéal Annie Mc Carrick anseo

Féach ar an tsraith ina hiomláine ar an RTÉ Player anseo