skip to main content

Cén áit is fearr le bia veigeáineach a fháil in Éirinn?

Labhair 'Martha the vegan' mar is fearr aithne uirthi ar na meáin shóisialta ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na roghanna atá ar fáil do dhaoine gur veigeatóirí iad, agus cad iad na háiteanna is fearr le béile iomlán veigeáineach a fháil.

Dúirt Martha gur éirigh sí as feoil nuair a bhí sí ina cailín óg ach go bhfuil sí éirithe as táirgí déiríochta ocht mbliana ó shin. Luaigh sí go bhfuil feabhas iontach tagtha ar bhiachláir agus sna siopaí timpeall na tíre agus gur domhan eile ar fad é dá leithéid.

Tá cónaí ar Mhartha san ardchathair agus deir sí go bhfuil an t-ádh uirthi a bheith ann mar go bhfuil an oiread rogha ann dóibh siúd atá ag seachaint táirgí ainmhithe.

Luaigh Martha béilí a mholann sí ón mbricfeasta chuig an suipéar i mBaile Átha Cliath, ó tofu scrofa go ceapaire veigeáineach.

Éist le Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5.