skip to main content

Rothaí móra an tsaoil: RTÉ Raidió na Gaeltachta @50

David Brophy
David Brophy

Scríobhann Cuan Ó Seireadáin, ceoltóir a bhí páirteach i gcoirm cheoil RTÉ Raidió na Gaeltachta @ 50 a chraolfar oíche Shathairn, 23 Aibreán ag 10.35pm ar RTÉ ONE mar gheall ar an oíche agus ról an raidió ina shaol.

Díreach sular thosnaigh an ceolchoirm i Stiúideó Telegael ar an 2 Aibreán, agus mé ag suí ar an stáitse, téamhaithe suas, réidh le seinm mar chuid de cheolfhoireann RTÉ, léim Marcus Mac Conghail aníos chugam agus shínigh sé an gléas Zoom i mo threo.

Cúpla focal, don taifead, faoin chaoi ar airigh mé, ag suí ansin, agus an ceolchoirm ar tí tosnú.

Cúpla focal, faoi Raidió na Gaeltachta? Ceann des na ceisteanna is deacra a cuireadh riamh orm.

Cén sort freagra a thabharfainn? Freagra éisteora, freagra rannpháirtí i gcláracha, freagra duine a chreideann sa raidió agus a thacaíonn léi, freagra duine a d'fhás aníos le Raidió na Gaeltachta, ar iliomad bealaí, nó freagra an cheoltóra, dírithe ar thasc na hoíche?

Féach anseo ar An Dreoilín le Seán Monaghan mar chuid den oíche cheiliúrtha


Mo chéad cuimhní ar RnaG? Cúntar na Cistine i gCoill na Rí, Tamhlacht. Mo mháthair ag cur an raidío ar siúl agus ag taifead na gcláracha. Aingeal Ní Chonchubhair agus Lúrabóg Larabóg beo ag a 11. Ceol, caint, na rannta, saibhreas Ghaeilge an chláir á diúl ag gasúr bheag i mBaile Átha Cliath. Na ceisteanna á fhreagairt aige, na hamhráin á fhoghlaim aige, an raidió ag labhairt leis, agus á mhúnlú. Casla i gcúinne na cistine, aigne agus féiniúlacht an linbh á múnlú aici.

Meánscoil. I Ráth Fearnáin anois, síob chun na scoile ar laethanta báistí, FM3 go dtí a hocht ar maidin agus ansin - Trompa Béil - Ríl Mháirtín Shéamuis – Nuacht: náisiúnta, áitiúil, scéalta báis, díospóireachtaí. Fuinneoga an Opel Kadett, agus níos déanaí an Opel Astra, clúdaithe ag comhdhlútú ár anáil, anailís ghrinn na léitheoirí nuachta agus tráchtairí ag míniú an domhain mhór dúinn. Mise, m'athair, agus mo dheartháir. Deireadh an chláir á chailleadh i gcónaí againn ar shroicheadh na scoile dúinn ag 845.

Thar lear, i Stuttgart. Ag déanamh staidéar ar an gceoil chlaisiceach agus ag obair mar cheoltóir. Ag éisteacht le Cormac ag a Cúig. An tír ag titim as a chéile, cheapfá. Ag smaoineamh ar theacht abhaile. Sehnsucht na Gaeilge do mo mhealladh.

Filleam. Athraíonn mo shaol.

Tosnaíom ag obair leis an gConradh agus ag labhairt ar RnaG. Painéil éagsúla, ag labhairt mar urlabhraí, agus ar mo shon féin. Clár Chormaic, Clár Mháirín Ní Ghadhra. Fós ag éisteacht. Ag casadh le foireann RnaG i nDomhnach Broc agus mé istigh anois is arís leis an gceolfhoireann. An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ag Ard-Fheis an Chonartha agus ag an t-Oireachtas (moch-éirí dhúshlánach i gcás an eagráin áraithe sin!). Ag craoladh ón mbaile leis an tie-line ag tús na Pandéime, ó Shéipéal Iosóid, ó Gholagh, agus anois ó Inis Meáin.

Ag eitilt ó Inis Meáin go hIndreabhán le casadh leis an ceolfhoireann. Ag breathnú i dtreo Casla agus ag éisteach léi ar an mbealach amach. Plúr na gCeoltóirí bailithe, le céiliúradh a dhéanamh ar cheann de na heagraíochtaí is lárnaigh i mo shaol.

Sea, a Mharcuis, bhí sé deacair do cheist a fhreagairt, agus an mearbhall sin de chuimhní agus smaointe i mo cheann. Níl barúil agam cad a dúirt me, ach measaim gur lua mé an t-atmasféir iontach cúl stáitse, saibhreas na gceoltóirí a bhí i láthair, an phribhléid a bhain le bheith ag glacadh páirt san ócáid agus le bheith ag seinm leo, agus b’fhéidir gur luadh mé leat go raibh trompa béil aimsithe agam i dTigh Chadhain ar Inis Meáin, agus go raibh sé curtha ar mo sheastán agam don cheolchoirm. Gach rud fíor, ach dodhéanta an fhírinne uilig a chur in iúil.

Doimnic Mac Giolla Bhríde

Ní fhéadfainn, curtha ar an spota mar sin, an ról lárnach atá glacadh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i mo shaol, i múnlú mo chuid féiniúlachta a mhíniú i ceart. Ach is féidir liom é seo a rá: ní bhéinn mar atá mé, gan RnaG.

D’fhág tú an stáitse. Bhreathnaigh mé chun tosaigh, d’ardaigh mé mo chorn, bhreathnaigh mé ar chlé i dtreo mo dheartháir, Macdara, a bhí ag seinm freisin agus é mar bhall den cheolfhoireann. Agus i dtreo Chormaic Uí hAodáin, a bhí ar tí an ceolchoirm a oscailt leis an gcéad solo. Agus ansin chun tosaigh arís, i dtreo David Brophy, an stiúrthóir.

D’ardaigh David Brophy an baton

I mo intinn: "Lúrabóg… Larabóg... 1, 2 ,3…."

Craolfar an choirm cheoil RTÉ Raidió na Gaeltachta @50 ag 10.35pm ar RTÉ ONE, Dé Sathairn, 23 Aibreán.