Labhair an ceoltóir Paddy Glackin le hÁine Ní Bhreisleáin ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina shaol agus faoina shaothar cheolmhar.
Bronnadh gradam speisialta ar Phaddy le déanaí ag Gradaim Cheoil TG4 agus dúirt sé gur mór an onóir an gradam, go háirithe toisc gur ó Uachtarán na hÉireann a bhronn air é ar an oíche.
Mhínigh Paddy go bhfuil a chuid ceoil go mór faoi thionchar an fhidléara as Tír Chonaill, John Doherty, nach maireann. Labhair sé freisin faoi na nósanna atá athraithe maidir leis an éisteacht a fhaigheann an ceol traidisiúnta in Éirinn.
Dúirt Paddy go ndeachaigh an ceol tríd tréimhse fíordheacair am an Chovid agus cé bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí ach nach bhfuil rudaí ar ais mar a bhí go fóill.
Listen to Paddy Glackin chatting to Miriam O' Callaghan on RTÉ Radio One here
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5.