skip to main content

Beocht agus Bouli: Láithreoir nua Cúla4 ar an ról úr

Labhair muid le láithreoir nua Cúla4 ar TG4, Niamh Ní Chróinín mar gheall ar an ról agus na cláracha teilifíse a chuaigh i bhfeidhm uirthise nuair a bhí sise ina cailín óg.

Cad a spreag tú le cur isteach ar an bpost le Cúla4?

Bhí an jab an-tarraingteach! Is breá liom a bheith ag obair sna meáin agus bhí mé ag iarraidh níos mó oibre a dhéanamh in earnáil na teilifíse. Níor cheap mé go raibh aon seans faoin spéir go bhfaigheann an jab ach tá an-áthas orm anois gur chuir mé isteach air! Bhí mé i gcónaí ag iarraidh a bheith ag obair mar láithreoir do dhaoine óga freisin. Bhí cuma ar an scéal go raibh an-spraoi ag baint leis. Is féidir liom a dheimhniú anois go bhfuil sé sin fíor! Tá lucht féachana dúshlánach, ach fíor-thábhachtach ag Cúla4 agus tá go leor le foghlaim ó dhaoine óga. Seo hiad todhchaí an stáisiúin! Ní thagann jabanna mar seo chun cinn go ró-mhinic agus thuig mé gur deis den scoth a bhí ann. Is dócha go bhfuair mé blaisín den teilifís nuair a bhí mé ag déanamh taifeadadh ar Junior Eurovision Éire anuraidh agus thuig mé go dtaitneodh sé go mór liom níos mó oibre a dhéanamh ar an teilifís.

Beidh aithne ag daoine ort ó chláracha ar nós Junior Eurovision agus ó do chuid oibre ar an raidió. An bhfeiceann tú Cúla4 mar chéim nádúrtha ón obair atá déanta agat go nuige seo?

B'fhéidir é! Bhí mé ag obair ar chláir raidió don óige agus anois tá mé ag obair ar chláir theilifíse don óige. Tá an-chuid taithí raidió agam agus tá neart taithí agam ag cur imeachtaí éagsúla i láthair. Bhí an t-ádh orm go leor taithí teilifíse a fháil le linn 2021 agus is dócha go raibh mé réidh ansin le bogadh go earnáil na teilifíse go lánaimseartha!

Cad is dóigh láithreoir maith teilifíse do dhaoine óga, i do thuairim?

Fuinneamh agus beocht! Duine atá in ann spraoi a bheith acu ar an scáileán agus is gá bheith sásta triail a bhaint as rudaí éagsúla! Rinne mé taifeadadh ar rap i lár chathair na Gaillimh ar lá 3 den jab! Eispéireas nua!

Cén saghas teilifís a bhíodh ar siúl nuair a bhí tusa i do chailín óg?

Bhíodh Cúla4 ar siúl sa bhaile agus ar scoil go minic! Thaitin Huidí go mór liom. Bhí fístéip Bouli agus fístéip Réaltóg againn sa bhaile agus déarfainn gur fhéach mé orthu 1000 uair! Sílim go bhfuil na fístéipeanna fós agam áit éigin!

Tá go leor ag tarlú ar Cúla4 faoi láthair agus pleananna móra don todhchaí freisin, cad é an rud is mó a bhfuil tú ag tnúth leis?

Tá mé ag súil le dul ar an mbóthar agus buaileadh leis an lucht féachana óg. Tá daoine óga i gcroílár gach rud a dhéanann muid agus tá sé tábhachtach dúinn go mbeidh daoine óga in ann iad féin a fheiceáil ar an scáileán. Chomh maith leis sin, tá mé ag súil go mór leis an spraoi ar fad a bheas againn ag taifeadadh ag ócáid agus imeachtaí éagsúla

Is é Cúla4 branda TG4 do dhaoine óga a bhíonn á chraoladh gach lá ar TG4 ón 7am - 10am agus arís ó 3pm - 5pm; is féidir teacht air ar an seinnteoir ag Cula4.com agus ar aip sheinnteoir Cúla4. Freastalaíonn Cúla4 ar gach leanbh ó aois réamhscoile go dtí leanaí 12 bhliain d'aois