skip to main content

RTÉ RnaG @50: 'Coirmcheoil nach ndearúdfar go deo'

Michelle, Sláine agus Neansaí
Michelle, Sláine agus Neansaí

Labhair muid le duine de láithreoirí an choirm cheoil RTÉ Raidió na Gaeltachta @ 50, an craoltóir, Sláine Ní Chathalláin maidir leis an seó a thaispeánfar ar RTÉ ONE ar an 23 Aibreán ag 10.35pm.

Cén cur síos a bheadh agat don oíche cheiliúrtha a bhí agaibh i gConamara ar 50 bliain den raidió?

Ceann dos na coirmeacha ceoil ab fhearr a chonac riamh i mo shaol. Bhí gach aon phíosa ceoil níos fearr ná a chéile, agus an stáitsiú go haoibhinn. Ba dheacair buachtaint uirthi mar ócáid. Táim ana ana shásta go dtugadh an deis dom a bheith páirteach ann, agus ní dhearúdfad go deo an choirmcheoil, a chuir deora i mo shúile, ar uairibh.

Doimnic Mac Giolla Bhríde

Cad a chiallaíonn RTÉ Raidió na Gaeltachta duitse?

Ah, tá san deacair le freagairt. Ciallaíonn sé cuid mhór de mo shaol dom. Tá baint ag Raidió Gaeltachta le mo shaol laethúil, pé acu an mbím ag obair, nó nach mbím. Ciallaíonn sé an pobal, mo phobal, a labharann liom agus mé amuigh ag siúl faoi rud éigin a chualadar ar an stáisiún an lá sin. Ardán don bpobal is ea é, labhairt ar na rudaí atá ag déanamh tinnis dóibh. Coimeádann sé comhluadar liom, mar éisteoir. Tugann sé sásamh dom, cuireann sé ar mo shuaimhneas mé, agus braithim go mbíonn an fhírinne le clos ar RnaG. Múineann sé Gaolainn dom! Anuas ar sin, braithim dlúthnasc le pobail na gceantar Gaeltachta eile, agus eolas agam ar cad atá ag tarlú iontu thuaidh, thiar, thoir is theas.

Is breá liom a bheith ag obair i mBóthar na Léinsí leis na comhghleacaithe is fearr dá bhféadfadh a bheith ag duine agus lá scoile is ea na haon lá dá gcaithim ann

Máire agus Étáin Ní Churraoin

An bhfuil buaicphointe ceoil agat ón oíche?

An chéad phíosa, Ríl Mháirtín Shéamuis, agus Doimnic Mac Giolla Bhríde ar an dtrumpa. Chuir sé deora i mo shúile le linn an chleachtadh an lá san. Caithfidh mé a rá leis, go raibh An Dreoilín NÓTÁLTHA. Tá guth Sheán Monaghan díreach mar a bhí nuair a deineadh an Dreoilín a thaifead agus ba phléisiúir é, éisteacht leis an oíche úd! Bhí Iarla Ó Lionáird thar barr, mar a bhíonn i gcónaí, agus sheasóinn sa tsneachta agus sa ghála gaoithe ag éisteacht leis!

Cá bhfeiceann tú RTÉ Raidió na Gaeltachta i gceann 50 bliain eile?

Ta san ana ana dheacair le freagairt. Beidh sé fós ar an bhfód, tá súil le Dia agam, le maoiniú caoi chun breis oibre a dhéanamh ar nós OBs agus cláir aon uaire, achmhainní, breis fóirne agus áiseanna iontacha. Dar liom go mbeidh ladhar mhaith láithreoirí agus clár reachtairí nach ón nGaeltacht iad fostaithe ag an seirbhís i gceann 50 bliain eile.

Craolfar coirmcheoil cheiliúrtha RTÉ Raidió na Gaeltachta @ 50 ar an 23 Aibreán ar RTÉ ONE ag 10.35pm