skip to main content

Óg agus aosta ag ceiliúradh le chéile- RTÉ RnaG @50

Labhair muid leis an gcraoltóir, Michelle Nic Grianna faoin gcoirm cheoil speisialta a chraolfar ar RTÉ ONE ar an 23 Aibreán ag 10.35pm ceiliúradh caoga bliain de RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cén cur síos a bheadh agat don oíche cheiliúrtha a bhí agaibh i gConamara ar 50 bliain den raidió?

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé iontach go deo bródúil as a a bheith páirteach in san oíche speisialta. Sílimse go raibh sé ar cheann de na choirm cheoil ba mhó in aon cheantar Gaeltachta agus gur thug sé óg agus aosta le chéile, go bhfaca muid gach gné den raidió ón gCartlann go dtí an ceol ó aos óg, bhí sé ar fheabhas.

Cad a chiallaíonn RTÉ Raidió na Gaeltachta duitse?

Nuair a bhog mise agus an teaghlach anonn go hÉirinn ó Alban, thuig mé go mbíodh an-bhród ar m'athair mar gheall ar an raidió agus bhíodh sé féin ar an raidió go minic ag caint faoi scéalta áitiúla. Thuig mise ón bpointe sin go raibh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tabhairt ardáin don Ghaeltacht nach raibh ar fáil in áiteanna eile. Tá sin fós fíor sa lá atá inniu ann.

Michelle lena comhghleacaithe Sláine agus Neansaí

An bhfuil buaicphointe ceoil agat ón oíche?

Tá sé iontach deacair píosa faoi leith a roghnú mar d'éirigh leis an gcoirm cheoil an oiread ceoltóirí agus amhránaithe a thabhairt le chéile ar bhealach a bhí an-ealaíonta ach bhí tús na hoíche, nuair a chas Doimnic Mac Giolla Bhríde ceol aitheantais an raidió le Johnny Óg Connolly agus an cheolfhoireann, bhí an ghruaig ina sheasamh orm. Ceapaim freisin go ndearna nasc álainn idir ábhar cartlainne le ceol Dharach Uí Chatháin, an cheolfhoireann agus Máire agus Étáin Ní Churraoin.


Cá bhfeiceann tú RTÉ Raidió na Gaeltachta i gceann 50 bliain eile?

Níl aon dabht ach go bhfuil dúshláin mhóra roimh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus roimh raidió go ginearálta, mar gheall ar fhorbairt na teicneolaíochta. Tá sé ar dóigh go bhfuil an saol uilig ar bharr na méar againn ach níor mhaith liom go gcaillfí draíocht an raidió ach oiread. Caithfidh muid a chinntiú go bhfuil daoine óga atá ag teacht inár ndiaidh, go gcreideann siad sa raidió agus go dtuigeann siad an troid a rinneadh ar ár son leis an raidió a bhunú.

Craolfar RTÉ Raidió na Gaeltachta @50 oíche Shathairn, 23 Aibreán ag 10.35 ar RTÉ ONE