Labhair muid le Neansaí Ní Choistealbha, láithreoir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin oíche mhór cheiliúrtha i gConamara a chraolfar ar RTÉ ONE oíche Shathairn ag 10.35pm
Cén cur síos a bheadh agat don oíche cheiliúrtha a bhí agaibh i gConamara ar 50 bliain den raidió?
Bhí oíche iontach ar fad againn i gConamara don cheiliúradh 50 bliain. Rinne muid iarracht scéal an Raidió a insint tríd an gceol, na hamhráin agus an damhsa. Thug an raidió tús áite i gcónaí don na healaíona dúchasacha agus bhí sin lárnach sa gcoirmcheoil a cuireadh ar stáitse ar an 2ú Aibreán. Bhí áit lárnach ag gach gné de chraoltóireacht an cheoil sa gcoirm, rud nach raibh easca in achar chomh gearr ach is doigh liom gur éirigh linn a bheith dílís don gceol dúchasach agus do na hamhráin sean-nóis agus chomh maith leis sin fócas a thabhairt don gcumadóireacht agus na hamhráin nua-chumtha atá tagtha chun cinn ó bunaíodh Raidió na Gaeltachta. Bhí an choirm ar fad ag sníomh ina chéile ó thús go deire, ón gceol trumpa, píosa atá fíor thábhachtach agus speisialta go dtí an sean-nós, agus an damhsa fite fuaite tríd. Bhí coiriú speisialta ar na píosaí le Ceolfhoireann RTÉ agus is doigh liom gur chur sin leis go mór.
Cad a chiallaíonn RTÉ Raidió na Gaeltachta duitse?
Tá an-bhród ormsa a bheith ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá cuimhne mhaith agam ar na céad chraoltaí a rinne an raidió agus fiú cuid den chraoladh ó Shaor Raidió Chonamara agus níor cheap mé ariamh agus mé ag éisteacht leis na craoltaí sin agus mé i mo chailín beag go mbeadh mé fhéin ag obair leis an stáisiún. Bhí an raidió lárnach sa saol laethúil i dteach s'againne agus bhíodh sé casta air fiú sula raibh sé in am don stáisiún a theacht ar an aer - ar fhaitíos go gcaillfí aon cheo! Bhí an-suim sna cláracha ceoil againn i gcónaí mar bhí ceol á chasadh sa teacht againne i gcónaí agus ba iontach an deis a bheith ag éisteacht le píosaí nua ceoil & amhráin agus ceoltóirí nár chuala muid cheanna. Is cuimhneach liom go raibh m'athair ag casadh ar chláracha ceoil i 1972 agus cheap mé go raibh sibh iontach ar fad. Creidim gur dtugann an raidió ardán agus tearmann don cheol agus do cheoltóirí agus d'amhránaithe traidisiúnta na tíre seo agus tá cion agus meas ag na ceoltóirí sin ar RnaG. Is brea liom a bheith ag obair mar Eagraí Ceoil an stáisiún agus is í an chloch is mó ar mo pháidrín deis a thabhairt do cheoltóirí óga agus ceoltóirí nach bhfuil aon taifid gairmiúil déanta acu, a gcuid ceoil a chur i láthair an phobail.
An bhfuil buaicphointe ceoil agat ón oíche?
Bhí an oireadh buaicphointí sa gcoirmcheoil ar an 2ú Aibreán gur deacair ceann a roghnú. Bhí an ceol trumpa ag an tús fíor speisialta cheap mé agus bhí Óró Sé do Bheatha Abhaile le Darach Ó Catháin & Étáin & Máire Ní Churraoin leis an gceolfhoireann iontach freisin. Thaithne an ceol agus an damhsa ó Mhuintir Uí Iarnáin & Muintir Uí Dhubháin go mór liom freisin agus arnó bhí an Dreoilín thar barr! Rinne Cór Chúil Aodh sár-jab do Mo Ghile Mear freisin. Bhí an ceol agus na hamhráin ar fad ar fheabhas!!
We need your consent to load this comcast-player contentWe use comcast-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Cá bhfeiceann tú RTÉ Raidió na Gaeltachta i gceann 50 bliain eile?
Is doigh liom go leanfadh RTÉ Raidió na Gaeltachta orthu ag freastal ar Phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ar feadh blianta fada eile. Tá sé deacair a bheith i gcoimhlint leis an oiread ábhar eile atá ar fáil anois ar theilifís agus na meáin shóisialta ach creidim fhéin go bhfuil an raidió fíor thábhachtach do phobal na Gaeltachta, pobal na Gaeilge agus pobal an cheoil agus tá an raidió ansin le freastal ar an bpobal sin agus tá súil agam go bhfanódh muinín an phobail chomh láidir ceanna ionainn sa gcéad 50 bliain eile!
Craolfar an choirmcheol ar RTÉ ONE ag 10.35pm oíche Shathairn, 23 Aibreán