Dúshlán agus pribhléid ab ea é a bheith freagrach as ceiliúradh ceoil a chruthú leis an tseirbhís raidió RTÉ Raidió na Gaeltachta a sheoladh ar aghaidh i dtreo an chéad leathchéad bliain eile. Bhí sé dúshlánach (ní chreidfeá an oiread rudaí a d'fhéadfadh dul mícheart ar chlár beo!), ach ní raibh sé deacair, sa gcaoi is go dtuigeann muid an raidió, is cuid dín í, mar séard a chuir muid romhainn ná theacht ar bhealach leis an chuid is fearr don ceol agus cultúr a dhéanann RnaG a cheiliúradh agus chaomhnú, a chuir in iúl.

I mí Iúil 2021 a thosaigh ár gcuid oibre, roimh Nollaig a chuala muid an deá scéal go raibh tacaíocht an BAI againn agus mar sin go mbeadh an clár ag dul ar aghaidh. Bhí canbhás glan ós ár gcóir amach, ach ar bhealach bhí sé ar nós a bheith ag eagrú cóisir do shean-chara a bhfuil aithne mhaith a’d orthu, bhí a fhios againn céard a bhí uainn.

Chaitheadh duine as chuile Ghaeltacht a bheith sa chlár, chaithfidh aitheantas a thabhairt do na healaíona éagsúla ar thug an raidió oiread tacaíochta agus aitheantas dóibh, chaitheadh an óige a bheith ann, chaitheadh scoth na gceoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí a bheith ann, chaitheadh na canúintí a bheith le cloisteáil agus chaitheadh rudaí nua a bheith ann. Chuir muid foireann le chéile a bheadh mar chlocha cúinne ar an dtogra agus ba thréimhse fíor speisialta a bhí againn ar an turas seo ón gcanbhás bán go dtí an seó iontach a léiríodh ar an oíche. D’oibrigh muid go dlúth le Ceannaire RnaG Gearóid Mac Donnacha agus a fhoireann, agus le feidhmeannaigh RTÉ, Niamh Ní Churnáin agus Sarah Ryder, agus le foireann an cheolfhoirinn.

Lárnach ón tús bhí ár bhfoireann fhéin, mo leath-bhádóir in Aniar, an Léiritheoir Feidhmeannach Seán Ó Cualáin as Carna, an Stiúrthóir Ceoil, Dónal O’Connor as Oirialla/Béal Feirste, agus an Bainisteoir Léirithe, Anna Ní Mhaonaigh as Gaoth Dobhair.

Táim’se lonnaithe i gCorca Dhuibhne, mar sin bhíomar saghas ar nós RnaG féin mar fhoireann, ó cheann ceann na tíre! Fíor cheiliúradh ab ea í seo, ceiliúradh ón gcroí, agus tá muid an-bhródúil as, cé gur ndeirtear nár cheart sin a rá, ach tuige nach ndeirfidh, bhí sé iontach mar tá ár gceoltóirí agus amhránaithe agus gach gné dár gcultúr iontach, agus Raidió na Gaeltachta istigh ina lár. Comgháirdeachas, agus mar deirfeadh mo shean-chara Rónán Mac Aodh Bhuí, 'dorn san aer’ do RnaG.

Craolfar ceolchoirm RTÉ Raidió na Gaeltachta @50 oíche Shathairn, 23 Aibreán ar RTÉ ONE