Le ceiliúradh a dhéanamh ar fréamhacha RTÉ Raidió na Gaeltachta atá anois leathchéad bliain ar an bhfód, tháinig Iris Aniar agus Adhmhaidin ó Ros Muc, gar don áit ar thosaigh an raidió.
Bhí clár á chraoladh beo ó Theach an Phiarsaigh i Ros Muc ar maidin, agus iad ag teacht ar an aer beagáinín níos moille ná mar is gnáth. Ba í Fionnuala Uí Neachtain a bhí sa chathaoir, agus agallaimh, comhrá agus ceol aici féin agus foireann an chláir dúinn beo as Ros Muc.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences