skip to main content

Ná fág aon rian i do dhiaidh

Labhair Darach Ó Murchú ar an gclár An Saol Ó Dheas mar gheall ar an bhfeachtas 'Leave no trace' ar mhaithe le haire níos fearr a thabhairt don timpeallacht.

Bhain daoine níos mó tairbhe agus taitneamh as an timpeallacht le linn na paindéime ach deir Darach a bhfuil baint aige leis an bhfeachtas Leave no Trace, go ndearnadh damáiste do thírdhreach na hÉireann dá réir.

Deir sé go gcaithfidh daoine bhíonn amuigh spaisteoireacht tuiscint bheith acu d'fheirmeoirí agus d'ainmhithe agus gan bheith cur isteach ná amach ar an dtalamh ná ar stoc.

Darach Ó Murchú

Luaigh Darach nach mbíonn daoine ag cuimhneamh ar an damáiste a dhéantar agus nach bhfuil sé i bhfábhar rialacha a thabhairt isteach ach go mbeadh ceist eitice ann dóibh siúd a bhíonn amuigh ag siúl le haire a thabhairt don tír.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00