skip to main content

Ar dheas leat a bheith in Ros na Rún? Seo do dheis!

Más cainteoir Gaeilge tú a bhfuil dúil mhór agat san aisteoireacht, teastaíonn ó shraithdhráma TG4, Ros na Rún, cloisteáil uait!

An cainteoir Gaeilge tú atá sa tóir ar dheis aisteoireachta ar an teilifís? Is é an dráma fadbhunaithe teilifíse, Ros na Rún, a chraoltar ar TG4, an t-aon sraithdhráma Gaeilge atá bunaithe ar an tuath agus anois táthar ag lorg tallainne nua dá shnáithe scéil spreagúla do shéasúr 27 a mbeidh tús á chur lena thaifead sa Spidéal i gConamara i Lúnasa 2022.

Áirithe ar fhoireann reatha Ros na Rún tá Fiachna Ó Braonáin ó Hot House Flowers, mar aon le tráchtaire ealaíon agus cultúir na Gaillimhe, Pádraig Breathnach, a bhíonn i bpáirt Jacksie in Kilnascully. Thar aon rud eile, tá cáil ar Ros na Rún as a bheith ag cothú tallainne aisteoireachta atá orgánach i ngach aoisghrúpa agus cruthaíonn sraithdhráma TG4 teaghlach d'aisteoirí Gaeilge a bhfuil bród acu as a róil mar Aisteoirí Gaeilge ar shraithdhráma móréilimh TG4.

Ní hé amháin go gcruthaíonn scriptscríbhneoirí agus scríbhneoirí scéalta tallannacha an tsraithdhráma seo carachtair gheanúla a thugann cúinsí sóisialta i gceantair tuaithe na hÉireann chuig ár scáileáin ar bhealach atá cróga agus misniúil, bíonn lámh acu freisin sa ngreann a chuirtear sna scéalta, rud a bhfuil géarghá leis agus a mheallann lucht féachana dílis ar fud na tíre agus go hidirnáisiúnta ar sheinnteoir TG4 agus RTÉ.

I gcás daoine fásta de gach aois, idir fhir agus mná, a bhfuil Gaeilge acu agus atá tá sa tóir ar rud éigin nua, athrú gairme, dúshlán nó gairm aisteoireachta teilifíse, tá sobaldráma Gaeilge TG4 ag tabhairt cuireadh daoibh dul i dteagmháil leo i dtaca le deiseanna éisteachta faoin 19ú Aibreán.

Le 26 séasúr, tá an sobaldráma Gaeilge móréilimh seo ag léiriú an bhealaigh ar theilifís na hÉireann mar an léiriúchán neamhspleách drámaíochta teilifíse is mó i stair an stáit, taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Mheall sé an réalta ceol tíre, Daniel O’Donnell, a bhfuil cáil dhomhanda air agus a roghnaigh an dráma Gaeilge seo chun a chéad mhír aisteoireachta a dhéanamh ar an teilifís.

Bhí an méid seo le rá ag an léiritheoir sraithe, Marion Ní Loinsigh, "Tá an-fhonn orainn éisteacht a thabhairt do chuid mhaith ról ó aisteoirí fásta de gach aois, idir fhir agus mná, le haghaidh páirteanna éagsúla. Tá muid ag lorg na héagsúlachta an séasúr seo mar aon le scaipeadh réigiúnach ar fud ghlór na Gaeilge."

Chun deis a bheith agat éisteacht a fháil don 27ú séasúr de dhráma TG4, seol d’fhíseán féinchruthaithe chuig leiriuchain@rosnarun.com roimh an 19ú Aibreán 2022. Logáil isteach chuig www.rosnarun.com nó lean Ros na Rún ar Facebook, Twitter nó Instagram.

Tiúnáil isteach go dtí TG4 ag 8.30pm gach Máirt agus Aoine le haghaidh eipeasóidí na seachtaine nó is féidir breathnú ar an ollchlár tráthnónta Domhnaigh ag 7.30pm mar go mbeidh an séasúr reatha ar siúl go dtí an 19ú Meitheamh 2022. Bíonn Ros na Rún á chraoladh ar RTÉ One anois agus bíonn fáil air ar sheinnteoir RTÉ agus TG4.