Labhair Seán Ó Baoill, ball den phobal LGBT+ ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an méid a tharla in Sligeach le seachtain anuas.
Dúirt Seán gur bhain sé steangadh as nuair a chuala sé go gceaptar anois gur ionsaithe homafóbacha a tharla d'Aidan Moffitt agus Michael Snee. Luaigh Seán go mbeimís uilig den tuairim go mbeadh muid sabháilte inár dtithe féin ach ní mar sin a bhí don bheirt fhear seo a maraíodh sa bhaile.
Mar go dtosaíonn go leor caidreamh ar líne anois, deir Seán nach mbeadh sé as an gnách nach mbeadh pictiúir nó sonraí in airde ag daoine mar b'fhéidir nach bhfuil siad amuigh agus go bhfuil siad ag úsáid na n-aipeanna seo go príobháideach, ach, dár ndóigh, go gcothaíonn sin fadhbanna slándala.
Éist le Laura Harmon ar an gclár Adhmhaidin ag caint faoi na hionsaithe seo.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Ag caint ar an tslí a bhraitheann Seán mar fhear aerach, dúirt sé nach mbeadh sé iomlán compordach a bheith lámh le lámh le fear eile ach go mbraitheann sin ar an áit ina bhfuil sé freisin.
Tá go leor maslaí homafóbacha cloiste ag Seán thar na blianta agus d'admhaigh sé gur gá dó a bheith cúramach fiú nuair atá duine ag caitheamh maslaí mar sin air mar nach bhfuil 'fhios aige ariamh cad a thiocfaidh as má sheasann sé suas dó féin.
Cé go bhfuil Seán den tuairim go bhfuil sochaí na hÉireann bogtha ar aghaidh, is léir go bhfuil níos mó den fhorbairt seo le déanamh i bhfianaise na n-ionsaithe seo agus go leor eile a tharla do dhaoine a bhaineann leis an bpobal LGBTQ+.
Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11.02 agus meánlae.