Labhair Marcus Mac Ruairí ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an tuarascáil nua a d'fhoilsigh Glór na nGael mar gheall ar an líon daoine atá ag tógáil clainne le Gaeilge lasmuigh de cheantair Ghaeltachta.
Foilsíodh an tuarascáil seo ' Líon agus Lonnaíocht na dTeaghlach atá ag tógáil clainne le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht', ach deir Mac Ruairí nach bhfuiltear cinnte an bhfuil torthaí na tuarascála cruinn mar nach ndearnadh taighde ar an gceist seo agus nach raibh ceist faoi seo ar an bhfoirm daonáirimh i mbliana ach an oiread.
Mhínigh Marcus go bhfuil deacrachtaí maidir le hanailís a dhéanamh ar an líon teaghlach bhfuil ar a laghad duine fásta amháin agus páiste ag labhairt Gaeilge go laethúil ach ag úsáid contae Chorcaí mar shampa go bhfuil an uimhir sin íseal go maith de réir an taighde seo ag 85 teaghlach.
Ag caint faoi Chiarraí, deir Marcus gur timpeall ar 750 teaghlach a bhfuil tuismitheoir agus páistí ag labhairt Gaeilge go laethúil.
Is ábhar buairimh iad na figiúirí seo, a dúirt Mac Ruairí mar go bhfuil siad an-íseal agus deir sé go bhfuil géarghá le feachtas feasachta le teaghlaigh a spreagadh le níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile.
Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9