Inniu a chríochnaigh Seán Bán Breathnach a chuid dualgaisí mar thráchtaire spóirt le RTÉ Raidió na Gaeltachta tar éis 53 bliain.
Is ag cluiche i bPáirc an Chrócaigh idir Ciarraí agus Maigh Eo de chuid na sraithe a rinne Seán a chuid tráchtaireachta deireanaí. Ghlac sé buíochas mór lena chomhgleacaithe in RTÉ agus labhair sé faoi na tráchtairí a chuaigh roimhe a spreag go mór é, Mícheál Ó hEithir, Mícheál Ó Muircheartaigh agus Mícheál Ó Sé.
Thosaigh an fear óg seo ag craoladh ar an raidió i 1969 & beidh sé ag tráchtaireacht ar a chluiche deireanach dúinn inniu, Maigh Eo V Ciarraí i bPáirc an Chrócaigh,agus é ag éirí as théis 53 bliain seirbhíse. Gach beannacht agus fad saoil a @SBBinashui @officialgaa @SportRnaG pic.twitter.com/spa7pEN5qD
— Raidió na Gaeltachta (@RTERnaG) April 3, 2022
'Slán agaibh go léir' @SBBinashui ag fágáil slán leis an gcraoltóireacbt inniu i bPáirc an Chrócaigh @SportRnaG @SportTG4 @RTEsport @ediennico pic.twitter.com/89NxyDnzTE
— Raidió na Gaeltachta (@RTERnaG) April 3, 2022
Is féidir leat éisteacht siar leis an gclár ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anseo.