Scríobhann Dr John Walsh, Ollamh Comhlach le Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi thábhacht RTÉ Raidió na Gaeltachta do chainteoirí Gaeltachta agus cainteoirí nach as an nGaeltachta iad, araon.
Is maith is cuimhin liom saoire teaghlaigh i gCiarraí i samhradh 1983 nuair a d'áitíos ar m’athair dul siar chomh fada le Baile na nGall go dtabharfainn cuairt ar stiúideo Raidió na Gaeltachta. Cé gurbh é an Béarla a labhraítí ag baile, bhí ardmheas ag mo thuismitheoirí ar an nGaeilge agus bhí eolas maith ag mo mháthair uirthi. Tuigeadh dúinn go raibh an Ghaeilge tábhachtach agus bhí mo chuid féin á déanamh agam di faoin am a bhaineamar Corca Dhuibhne amach. Chomh maith le múinteoir Gaeilge den scoth i scoil lán-Bhéarla, bhí Raidió na Gaeltachta ina chrann taca agam agus mé ag foghlaim.

Agus sinn ag teannadh le Baile na nGall an lá úd, bhí sceitimíní orm toisc go raibh sé beartaithe agam bileog eolais faoin Raidió a iarraidh ar pé duine a chasfaí orm, an chéad chomhrá Gaeilge a dhéanfainn sa Ghaeltacht. Ní cuimhin liom cé a labhair liom ach dheineas an bheart, fuaireas mo bhileoigín agus ba mé a bhí sásta liom féin. N’fheadar arbh é an turas sin faoi ndear é, ach mhair an ceangal le Cúige Mumhan agus ba mhó tréimhse shona a chaitheas i Múscraí agus i gCorca Dhuibhne ó shin. Scéal beag neafaiseach, b’fhéidir, ach cur síos a mheabhraíonn tábhacht na meán Gaeilge do dhaoine lasmuigh den Ghaeltacht ar mian leo líofacht a bhaint amach.
Ní hionann an raidhse roghanna digiteacha anois agus gorta na Gaeilge sna meáin an uair úd nuair ba stáisiún páirtaimseartha é Raidió na Gaeltachta féin agus gan ach cúpla focal le clos ar chainéil eile. Ach dom féin agus mé ag fás aníos in oirthuaisceart Bhaile Átha Cliath, bhí an Raidió riachtanach chun go n-éireodh liom cainteoir Gaeilge a thabhairt orm féin lá níos faide anonn.
Anois agus mé ag plé leis na meáin chumarsáide mar réimse léinn, tuigim gur scéal uilíoch é seo agus go bhfuil na meáin chumarsáide tábhachtach do mhionteangacha ar mhórán cúiseanna. Cruthaíonn siad ardán poiblí don teanga, cuireann siad le féinmheas na gcainteoirí, láidríonn siad féiniúlacht an phobail, osclaíonn siad spás cruthaitheach don teanga, cuireann siad fostaíocht ar fáil, saothraíonn siad an teanga féin agus tacaíonn siad le foghlaimeoirí. In ainneoin neamhshuim an mhórphobail agus patuaire an rialtais, d’éirigh le Raidió na Gaeltachta dul i bhfeidhm ar mhuintir na Gaeltachta ó cheann ceann na tíre agus chothaigh sé muintearas idir na pobail scaipthe sin.
Trí chúram a dhéanamh do na canúintí agus don chultúr traidisiúnta, chuir sé go mór le féiniúlacht na Gaeltachta. Thug sé deis d’aos ealaíon na Gaeltachta a bheith cruthaitheach agus chuir sé na canúintí agus an nuathéarmaíocht araon i láthair an phobail. Ó cuireadh ar FM in 1975 é, d’fhéadfadh daoine eile – cainteoirí líofa nó foghlaimeoirí – cúléisteacht leis agus cuireadh go mór leis an lucht éisteachta sin ó tháinig ann don idirlíon.
Cé gur deineadh freastal áirithe ar na héisteoirí sin le caoga bliain, is ceart gan iad a ligint i ndearmad amach anseo toisc go mbaineann an Raidió le pobal, teanga agus tíreolaíocht níos leithne ná an Ghaeltacht féin anois. Éacht ag aon tseirbhís craolacháin is ea an leathchéad a chur di agus mar sin tá údar mór comórtha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. Go maire sé an céad.
Craolfar ceolchoirm cheiliúrtha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn 2 Aibreáin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus déanfar sruthú air ar RTÉ.ie/Gaeilge.