skip to main content

An Ghaeltacht fhíorúil a bhfuil roimh RTÉ Raidió na Gaeltachta

Póilín Nic Géidigh
Póilín Nic Géidigh

Scríobhann Póilín Nic Géidigh, clár reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin nGaeltacht fhíorúil atá cruthaithe ar na meáin shóisialta

Cha raibh aird ar bith ar an saol agam ar staid na Gaeilge nuair a bhí mé ag fás aníos mar ghirseach óg sa Ghaeltacht. Tógadh muid le Gaeilge, agus cha raibh a fhios againn go raibh rud ar bith neamhchoitianta faoi sin. An chéad chuimhne atá agam faoi aird a thabhairt ar chaighdeán mo chuid Gaeilge ná nuair a tháinig cigire na bpuntaí, agus go raibh orm foghlaim cén teideal ceart a bhí ar phost mo mháthar, ach char thuig mé ag an am cén tuighe ar tugadh amach as an seomra ranga mé le labhairt leis an strainséir seo.

D'fhás mé aníos agus líonra láidir Gaelach thart orm, agus char thuig mé an tábhacht a bhain leis sin go dtí gur fhág mé an baile den chéad uair. Ar dtús, cha raibh ann ach fíric fhánach fúm, go raibh Gaeilge agam agus gurb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh. Ghlac sé tamall orm le bualadh le daoine a raibh suim agus grá acu don Ghaeilge, agus iad ag déanamh a seacht ndícheall leis an teanga a fhoghlaim. Is ansin a thuig mé chomh hádhúil is a bhí mé gur rugadh agus gur tógadh mé sáite i gcultúr na Gaeilge, i gcroílár na Gaeltachta.

Póilín Nic Géidigh

Is cinneadh nádúrtha a bhí ann mar sin, mo shaol ar líne a chaitheamh i nGaeilge. Mar chuid den ghlúin a tháinig in aois le ré na hidirlíne, is síneadh nádúrtha é mo shaol ar líne le mo ghnáthshaol. Tá sé doiligh mo shaol a shamhlú gan é, rud atá scanrúil do dhuine ar bith nár chaith a n-óige ag fanacht le duine an fón tí a chur síos le go dtiocfaí dul ar líne.

Tá líonra úr cruthaithe agam anois, agus mé timpeallaithe go fíorúil ag daoine le Gaeilge; cuid acu a tógadh léi, cuid acu a d’fhoghlaim agus atá anois ag tógáil a bpáistí le Gaeilge, agus cuid acu atá díreach ag toiseacht ar a n-aistear leis an teanga. Tá dlúthchairde agam nár bhuail mé leo ach uair nó dhó, agus nascanna cruthaithe agam le daoine fud fad na tíre agus na cruinne, a bhuíochas leis na meáin shóisialta.

Tá domhan iomlán úr aimsithe agam ina bhfuil cultúr na teanga chomh beo beathach i gcroíthe agus i mbéal na ndaoine, agus atá i mo phobal fhéin. Fríd na meáin shóisialta agus mo chuid oibre leis an Raidió, tá taithí phearsanta agam ar na grúpaí, na heagraíochtaí, agus na daoine aonaracha atá ag cur a gcroíthe agus a n-anamnacha isteach ina gcuid iarrachtaí leis an Ghaeilge a chosaint, a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Ag amharc chun tosaigh agus ag machnamh ar an chéad 50 bliain eile, tá mé dóchasach go bhfuil saol fada os comhar na Gaeilge, ar líne agus san fhíorshaol. Sin ráite, is fúinn fhéin atá sé na ceantracha Gaeltachta a chosaint, agus oideachas a chur ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu leis an teanga a labhairt lena bpáistí agus i measc a gcuid cairde. Caithfear a chinntiú go mbeidh an saibhreas agus an oidhreacht sin caomhnaithe don chéad ghlúin eile, agus spás tugtha don teanga le bláthú, agus le forbairt.

Craolfar ceolchoirm cheiliúrtha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar rte.ie/Gaeilge oíche Shathairn 2 Aibreáin ag tosú ar a 7.