Scríobhann an ceoltóir agus iarchraoltóir le RTÉ, Peter Browne mar gheall ar oidhreacht cheolmhar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é ag druidim le leathchéad bliain ar an aer.
Níl fhios againn go baileach cén leibhéal tuisceana a bhí ag an bpíobaire iomráiteach Willie Clancy ar an nGaeilge. Dúirt sé in agallamh raidió le Breandán Ó Cíobháin tráth go dtabharfadh sé a chuid píobaireachta ar fad ar líofacht sa teanga: '… I'd give it all for the language!’ a dúirt sé. Níl amhras ar bith faoinar bhraith Willie Clancy faoi theacht RnaG ar an bhfód i mí Aibreáin 1972, áfach. In agallamh raidió a rinne Muiris Ó Rócháin liom, d’inis sé dom faoin ngean a bhí ag Willie ar an stáisiún, gur thosaigh sé ag éisteacht leis láithreach agus gur tuigeadh dó go raibh fíorthábhacht ag baint lena theacht. Ar an drochuair, cailleadh Willie díreach naoi mí ina dhiaidh sin, i mí Eanáir 1973, agus tionscnaíodh Scoil Samhraidh Willie Clancy in ómós dó níos deireanaí sa bhliain chéanna. Agus 50 bliain craolacháin á cheiliúradh ag RnaG i mbliana, is amhlaidh atá Scoil Samhraidh Willie Clancy 50 bliain d’aois i 2022 chomh maith.
Is mór idir an lá inné agus an lá inniu! Dá bhfeicfeadh Willie Sráid na Cathrach i mí Iúil gach samhradh anois bheadh iontas an domhain air! An tráth úd bhí líon an-bheag daltaí i mbun ranganna uirlise na Scoile Samhraidh agus níor chualathas ceol ach i ndornán beag de thábhairní an bhaile. Na laethanta seo, feictear na céadta ag siúl tríd an mbaile, idir mhúinteoirí, dhaltaí agus chuairteoirí, iad ag freastal ar ranganna agus ar ócáidí i gcaitheamh an lae agus i mbun seisiúin cheoil tráthnóna. Agus is cinnte go mbeadh Willie sásta Ródaí Raidió na Gaeltachta a fheiceáil páirceáilte os comhair Halla an Phobail, le cláir bheo gach lá agus imeachtaí an lae dá dtaifeadadh le craoladh ar ball. Seans maith go bhfeicfeadh sé ceol beo á sheinnt agus á chraoladh ón tsráid taobh amuigh den Ródaí, ag braith ar an aimsir dar ndóigh!
Tá méadú suntasach tagtha ar an tóir atá ar an amhránaíocht agus ar an gceol traidisiúnta le 50 bliain anuas, mar is eol dúinn ar fad. Tá baint nach beag ag ardchaighdeán clár agus clársceidealú ceoil RnaG leis an mborradh sin. Polasaí ceannródaíoch agus tábhachtach a cuireadh i bhfeidhm ó bhlianta tosaigh RnaG, mar a mhínigh Aindrias Ó Gallchóir (Iar-Cheannasaí) dom, ná gur socraíodh go gcraolfaí ar a laghad leathuair an chloig in aghaidh na seachtaine de cheol agus amhráin a bheadh taifeadta ag an stáisiún féin, beag beann ar thaifid thráchtála. Níl amhras orm ach go mbaineann seasmhacht chaighdeán ceoil ar chláir an stáisiún leis an tuiscint don cheol atá ag lucht a ndéanta. Trí cheoltóirí ard-oilte a fhostú agus a chur i mbun craoltóireachta, dearbhaítear cinnteacht caighdeán agus muinín phobal an cheoil thraidisiúnta astu. Má bhíonn foireann ó Raidió na Gaeltachta i láthair ag féilte ar nós Scoil Samhraidh Willie Clancy, Fleadh Cheoil na hÉireann, Tionól Nioclás Tóibín agus eile, bronntar údarás agus aitheantas agus stádas ar an bhféile. Oibríonn na nascanna seo mar chuid thábhachtach den aitheantas poiblí a thugtar don cheol traidisiúnta mar ealaíon bheo. Comhpháirtíocht dhlúth agus leanúnach é i gcaitheamh an ama agus go dtí an lá inniu.
Sraith clár luath de chuid an stáisiúin a chuaigh i bhfeidhm go mór orm sna blianta luatha ná Séamus Ennis Anseo, inar thug Séamus Ennis súil siar ar na blianta a chaith sé ag bailiú ar fud na tíre leis an An gCoimisiún Béaloideasa, Raidió Éireann agus BBC. Maireann cuimhne de bheith ag éisteacht le clár faoi leith as an tsraith sin liom fós. Chuir Séamus ceol breá fidle de chuid Denis Murphy as Sliabh Luachra, agus leagan dátheangach de Jimmy Mo Mhíle Stór á chasadh ag Pat Sheehan as Leithinis Bhéara, i láthair. Bhí ealaíon agus ceardaíocht ag baint leis an láithriú, leis an script agus leis an gclár ina iomláine a bhí eiseamláireach agus suntasach.
Creidim go bhfuil aitheantas agus creidiúint ag dul do Raidió na Gaeltachta as an ráchairt atá faoin amhránaíocht thraidisiúnta faoi láthair. Tá tábhacht ollmhór ag baint leis an amhránaíocht mar ealaíon shainiúil Éireannach agus mar gheall ar an nasc do-scaoilte le seinnt na bhfonn mall. Taobh amuigh de shraith clár ceoil clasaicí, Coinséartó Ceoil, a chur i láthair ar an stáisiún, ní raibh mé riamh ar fhoireann RnaG. Ach aon uair a d’iarr mé tacaíocht, cúnamh nó comhoibriú ó mo chomhghleacaithe ann, tugadh go fial flaithiúil é, agus teacht ar chartlann fhíor-luachmhar Chasla san áireamh. Ócáid bhliantúil éisteachta is ea Corn Uí Riada an Oireachtais, ag éisteacht le hamhránaíocht den scoth ó gach Gaeltacht sa tír. Bhí sé de nós agam clár iomlán ar RTÉ Raidió 1 a thabhairt do Chorn Uí Riada, agus mé faoi chomaoin rialta ag féile RnaG as na taifid a rinneadar siúd ó bhliain go bliain.
Tá mé fós ar dhuine d’éisteoirí rialta RnaG a bhaineann taitneamh as cláir atá tiomnaithe go hiomlán don cheol traidisiúnta, chomh maith le cláir rialta eile a bhfuil neart ceoil iontu freisin. I 1966 rinne Maurice Gorham, a bhí ina cheann ar RTÉ san am, cur síos ina leabhar Forty Years of Irish Broadcasting ar an uaillmhian faoin méid a bhainfeadh Raidió Éireann amach nuair a tháinig said ar an aer i 1926:
Raidió Éireann was expected to do a great many things that were not demanded of other national radio services, most of them far better equipped. It was expected not merely to reflect every aspect of national activity but to create activities that did not yet exist. It was expected to revive the speaking of Irish; to foster a taste for classical music; to revive Irish traditional music; to keep people on the farms; to sell goods and services of all kinds from sausages to sweep tickets; to reunite the Irish people at home with those overseas; to end Partition. All this in addition to broadcasting’s duty to inform, educate and entertain. And all in a programme time amounting (if advertising time was excluded) to some five and a half hours a day.
D’fhéadfaí a rá gur scéal thairis an méid sin anois ach maidir leis an uaillmhian a léirítear ann faoin cheol traidisiúnta, tá a chion déanta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus láncheart aige a bheith an-mhórtasach as!
Craolfar ceolchoirm cheiliúrtha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar rte.ie/Gaeilge oíche Shathairn 2 Aibreáin ag tosú ar a 7.