Labhair Sinéad Ní Uallacháin agus Bláthnaid Ní Chofaigh le hÁine Ní Bhreisleáin ar an gclár, Bladhaire mar gheall ar na cláracha a bheidh á gcur i láthair acu beirt Lá 'le Pádraig.
Beidh clár dátheangach á chur i láthair ag Sinéad agus Marty Morrissey maidin Lá 'le Pádraig óna 9 ar maidin go dtí'na 11. Mhínigh Sinéad go mbeidh ceol agus cuideachta le Sinéad agus Marty sa chlár agus go raibh siad ar cuairt chuig an bPop-Up Gaeltacht a bhí ar siúl sa Chobblestone, i Margadh na Feirme. Beidh daltaí de chuid Gaelscoil Lios na nÓg in Raghnallach le cloisteáil freisin agus neart eile!

Beidh Bláthnaid Ní Chofaigh ar ais i lár Bhaile Átha Cliath don chéad mhórshiúl le roinnt blianta anuas. Dúirt Bláthnaid ar bís le filleadh ar na sráideanna chun ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr na hÉireann. Tá fad curtha leis an gclár i mbliana agus tabharfar blaiseadh do na ceolchoirmeacha a bheas ag tarlú ar an lá i lár na cathrach.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, maidin Lá 'le Pádraig, beidh clár speisialta de chuid Iris Aniar ag 9.15am
Ar an gclár seo, cloisfidh muid stair agus seanchas faoi Naomh Pádraig ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is é Séamus Ó Scanláin a chuirfidh an clár i láthair.
Éist le Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5.