skip to main content

Unheard – Clár ceoil nua ag Ola Majekodunmi ar RTÉ 2XM

Ola Majekodunmi
Ola Majekodunmi

Thosaigh an craoltóir, scríbhneoir, cruthaitheoir agus ball de Fhoras na Gaeilge, Ola Majekodunmi, clár nua ar RTÉ 2XM le déanaí le béim a chur ar an gceoil ó ealaíntóirí dubha is Gaelacha sa sheánrá Indie/Roc.

Síl sí nach raibh mórán den ceoil seo á chasadh ar aerthonnta Éireannacha agus bhí sí ag iarraidh clár a chur le chéile leis an seánrá seo a ceiliúradh i measc ceoltóirí mionlacha cosúil le daoine dubha agus Gaelacha.

Is clár dátheangach é 'Unheard' gach Céadaoin ag a 7 o’chlog ar RTÉ 2XM, a díríonn ar meascán leictreach de bhailiúchán amhráin roc/ indie le healaíontóirí dubha agus Gaelacha, is comhrá ó lucht leanúna agus ceoltóirí an cheoil sin agus stair na n-amhráin a chloisfidh tú ar an gclár. Tá ceoil ó IMLÉ, Lauren Ní Chasaide, Aisha Badru, Lorde Fuhl, Tobi A agus neart eile casadh ar ‘Unheard’ go dtí seo. Tá Ola ar bís leis an gclár nua seo agus tá súil aici go mbeidh daoine nach bhfuil mórán eolais acu ar an gcinéal ceoil seo ag foghlaim agus ag cur lena seinnliosta Spotify.

Bhí sé tábhachtach d’Ola nasc a chruthú idir a fhéiniúlacht dubh agus a spéis ‘s paisean i gcursaí Gaeilge don clár seo, dhá rud a mbaineann go mór le saol Ola. Bíonn sí ag iarraidh nasc a chruthú idir grúpaí/pobail difriúla go minic ionas go bhfeicfidh daoine go bhfuil cosúlachtaí eadrainn ar fad. Tá sé seo déanta aici ar feadh na blianta, í óg sa bhunscoil agus cultúrtha difriúil a cheiliúradh acu, a obair i Raidió na Life 106.4FM, dán Gruaig na mBan Dubh, í ag labhairt faoi chine ar na meáin Gaeilge agus neart eile.

Tuigeann Ola gur teanga í an Gaeilge cosúil le aon teanga eile agus mar sin is fiú an teanga a úsáid le cur síos a dhéanamh ar rudaí eagsúla san saoil agus déanfaidh sí iarracht seo a chlúdú ina gcuid obair. A aisling do Seachtain na Gaeilge i mbliana ná go mbeadh fios ag daoine go bhfuil an teanga do gach éinne agus ba chuma cén cúlra atá agat. Tá Gaeilge againn uilig, fiú má tá cúpla focal agat.

Chomh maith le meáin na Gaeilge, tá an-shuim ag Ola sa phrós agus filíocht na Gaeilge. Thosaigh sí ag scríobh dánta/prós i nGaeilge cúpla bliain ó shin. Beidh sí ar an stáitse ar an 10ú Aibreáin le scríbhneoirí mór na Gaeilge, Nuala Ní Dhomhnaill agus Alan Titley, sa Thaibhearc i nGallaimh le ceiliúradh a dhéanamh ar seoladh leabhar nua, ‘Cnámh agus Smior’ leis an tOllamh Brian Ó Conchubhair mar pháirt de fhéile Chúirt. Is féidir ticéad agus a thuilleadh eolais a fháil anseo: https://www.cuirt.ie/whats-on/cnamh-agus-smior-na-filiochta-gaeilge-the-bone-and-marrow-of-irish-poetry/

Is féidir éist leis an gclár ‘Unheard’ is déanaí anseo: https://www.rte.ie/radio/2xm/unheard/