Sraith nua ag tosú Déardaoin an 3 Márta @ 8pm ar TG4
Le linn na bliana 2021, lean an tsraith ceithre chlár Saol Clainne teaghlaigh thar timpeall na hÉireann, nuair ba mhinic dóibh a bheith ag tabhairt aghaidh ar dheacrachtaí móra, ag troid ar a son féin agus ag troid ar son a muintire.
Is teaghlaigh iad atá ag streachailt agus ag fulaingt, lá i ndiaidh lae, de bharr tragóidí, de bharr tinnis agus de bharr chora an tsaoil. In ainneoin gach deacrachta agus dúshláin, áfach, is daoine iad a thugann faoi gach lá nua le misneach, le dóchas agus le grá. I gcaitheamh na sraithe, déanfar plé ar ghnáthábhair i saol na clainne, amhail an bás, crá croí, tinneas, míoca, ról an chúramóra agus an andúil. Tagann na scéalta seo ón gcroí amach.
Tá breis agus 5,000 teach i nDún na nGall i mbaol titim as a chéile mar gur tógadh iad le bloic lochtacha a raibh leibhéal ard den mhianra míoca iontu. Fuair Aoife Nic Sheáin, máthair óg, amach le gairid go gcaithfí a teach a leagan. Tugann Aoife léargas ar an imní agus an scrios a thagann le bloic lochtacha míoca.
Tá cónaí ar Thomás Ó Flannagáin agus a mhuintir i bhFionnghlas, Baile Átha Cliath. Tá uathachas ar a dheartháir Liam agus teastaíonn cúram ar leith uaidh 24 uair an chloig in aghaidh an lae. Tá an teaghlach ar fad ag feidhmiú mar chúramóirí do Liam, de lá agus d’oíche. Tá Tomás tiomanta don obair seo, déanann sé cur síos ar an saol mar chúramóir óg.
I nDún na nGall labhraíonn Alice Ní Fhlanagáin faoin bhfulaingt agus faoin mbriseadh croí a bhaineann le bás duine muinteartha. Fuair máthair Alice bás i mí Iúil 2020. Sa chlár seo, inseoidh Alice dúinn faoin saol agus cumha uirthi i ndiaidh a máthar.
I nDún na nGall , buailimid le hathair a chaith blianta fada ag ól go trom. Labhraíonn Hughie Eibhlín ó Duibheannaigh linn faoin saol a bhí aige agus é i ngreim ag an ól agus faoi mar atá an saol anois agus an t-ól caite in aer aige, leis an tacaíocht a fhaigheann sé ag cruinnithe ina cúnamh aige.

I nGaillimh, tá muintir Kevin Ó Conghaile ag tacú agus ag cuidiú leis. Bhuail stróc é in aois a 34 bliain. Déanann a mháthair Áine cur síos ar an saol ó shin i leith agus leanaimid í fad atá sí ag tacú le Kevin teacht chuige féin arís.
Sraith nua ag tosú Déardaoin an 3 Márta @ 8pm ar TG4