I ndiaidh moladh idirnáisiúnta agus gradaim a fháil agus éileamh mór a bheith air sna pictiúrlanna sa bhaile, déanfar Arracht, an chéad scannán fíorálainn leis an scríbhneoir-stiúrthóir Tom Sullivan, a chur ar fáil ar éileamh.
Scéal goilliúnach faoi theacht ar ábhar dóchais nuair is géire an cás atá in Arracht le stíl lena mbraitear lomchruth na fírinne atá dírithe ar Cholmán Sharkey, iascaire, athair, fear céile, atá ina chónaí le cósta fiáin Chonamara sa bhliain 1845 nuair a thagann Aimsir an Drochshaoil. Déantar cumasc idir stair thragóideach na hÉireann agus gnéithe níos nua-aimseartha de ghnásanna seánraí na linne seo le chéile sa scannán seo ina bhfuil foireann bhreá aisteoirí as Éirinn lena n-áirítear Dónall Ó Héalaí sa phríomhpháirt a fuair ainmniúchán do ghradam Star of Tomorrow Screen Daily.
Ar an láthair i gConamara a rinneadh iomlán na scannánaíochta ar fad ar an scannán. Tá scór álainn ceoil curtha leis ag an mbanna Kíla, a ainmníodh do ghradam Emmy.

Roghnaíodh Arracht le hionadaíocht oifigiúil a dhéanamh ar Éirinn ag Gradaim Oscar® 2021 agus glacadh céadrogha air chun leagan Hollywood a dhéanamh as. Cúán MacConghail ó Macalla Teoranta a léirigh an scannán. Is scannán é ón scéim CINE4 le tacaíocht ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.
Is féidir leis an lucht féachana an scannán seo a shruthú nó é a íoslódáil lena choinneáil ó ardáin éagsúla lena n-áirítear itunes, Google Play, Virgin Media, Sky Store, IFI @Home , Volta,YouTube, Amazon, Chili, Rakuten agus BFI Player.
Is féidir é a ordú roimh ré anseo freisin: https://vimeo.com/ondemand/arracht