skip to main content

'Is Rúiseach mé ach is duine mé chomh maith'

Labhair Victor Bayda le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an gcogadh atá tosnaithe sa Úcráin thar oíche.

Rúiseach is ea Victor ach tá fuil Úcráineach ann chomh maith agus mar is léir ón agallamh seo, tá Victor suaite faoin gcogadh. Dúirt sé go bhfuil sé faoi bhrón faoin méid a chonaic sé ar an nuacht ó mhaidin. Is oifigeach pleanála teanga é Victor in Uíbh Ráthaigh ach dúirt sé nach bhféadfadh sé labhairt ar an ábhar sin inniu in aon chor.

D'admhaigh Victor nach gceapann sé go bhfuil aon ghá lena leithéid d'fhoréigean ach nach bhfuil gach duine sa Rúis ar aon tuairim leis. Maidir leis an méid atá á chloisteáil aige, dúirt sé go bhfuil cuid de na meáin atá sa Rúis faoi smacht an rialtais ach go bhfuil malairt tuairimí ann maidir leis an gcogadh.

Victor i mbun ina chuid oibre

Bhí go leor daoine nach raibh ag iarraidh a chreidiúint go dtarlódh cogadh ach thar oíche is léir go bhfuil an Úcráin faoi ionsaí. Labhair Victor mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le do vóta a chaitheamh ach deir sé nuair nach bhfuil an córas sin ag obair nach bhfuil 'fhios agat cad a dhéanfá mar gheall ar a leithéid.

Deir Victor go bhfuil sé buíoch do na meáin Ghaeilge ach go háirithe mar go bhfuil iarrachtaí déanta an fhadhb ina iomláine a thuiscint seachas a bheith aontaobhach.

'Is Rúiseach mé ach is duine mé chomh maith', a deir Victor agus é ag caint ar an tslí a chaitheann Éireannaigh le daoine mar dhaoine seachas mar dhaoine ó thír amháin nó eile.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00