Den chéad uair le blianta fada tá leabhar Gaeilge ar cheann de na roghanna a bheas ar fáil do léitheoirí óga ar Lá Domhanda na Leabhar 2022.
Beidh rogha de cheithre leabhar déag ar fáil dóibh siúd a mbeidh dearbhán de chuid Lá Domhanda na Leabhar acu, dearbháin a dháilfear ar pháistí bunscoile ó cheann ceann na tíre as seo go ceann míosa. Is cúis bhróid dúinn anseo tigh Futa Fata go mbeidh eagrán speisialta de CLUASA CAPAILL AR AN RÍ ar cheann de na roghanna i mbliana.
Scríofa ag Bridget Bhreathnach agus maisithe ag Shona Shirley Macdonald, is scéal é CLUASA CAPAILL AR AN RÍ faoi Labhraí Loingseach, an Rí a raibh … sea, tá sé agaibh … cluasa capaill air! Tá leaganacha éagsúla den scéal seo á n-insint sa mbéaloideas anseo in Éirinn agus go deimhin ar fud na hEorpa leis na céadta – nó b'fhéidir fiú na mílte – bliain.

Bhain CLUASA CAPAILL AR AN RÍ gradam Réics Carló 2021 (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg) agus seo í an chéad bhliain a mbeidh duaisleabhar Réics Carló mar chuid de thionscadal Lá Domhanda na Leabhar faoi stiúir Fhoras na Gaeilge, Chlár na Leabhar Gaeilge agus Oireachtas na Gaeilge.
Déanfar Lá Domhanda na Leabhar a cheiliúradh ar an 3 Márta 2022 agus is féidir le léitheoirí óga an t-eagrán speisialta de CLUASA CAPAILL AR AN RÍ a fháil saor in aisce ach an dearbhán a gheobhaidh siad ar scoil a thabhairt isteach chuig an siopa leabhar áitiúil.