skip to main content

Cén staid ina bhfuil léitheoireacht na Gaeilge?

Labhair Áine Ní Ghlinn ar an gclár Tús Áite mar gheall ar staid reatha léitheoireacht agus foilsitheoireacht na Gaeilge a pléadh ag comhchoiste Dála

Luadh ag an gcomhchoiste Dála go bhfuil an maoiniú a fhaigheann foilsitheoireacht na Gaeilge laghdaithe 42% ón mbliain 2008. Cé go bhfuil an laghdú suntasach sin tarlaithe, tá líon na leabhar atá á bhfoilsiú méadaithe.

Deir Áine go bhfuil an-mholadh ag dul d'Fhoras na Gaeilge a mhaoiníonn na tithe foilsitheoireachta seo agus do na foilsitheoirí iad féin. Tá sí dearfach agus dóchasach mar gheall ar staid na foilsitheoireachta más féidir leis an earnáil níos mó leabhar a chur amach i gcúinsí dúshlánacha.

Áine Ní Ghlinn

Labhair Áine freisin mar gheall ar na feachtais Give Leabhar Gaeilge agus an bosca leabharlainne a raibh baint aici leo mar Laureate na nÓg.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6