Ag tosú TG4 24 Feabhra 9.30pm
Tá an t-uafás oibre le déanamh ar an talamh ó mhí Aibreáin go mí Mheán Fómhair agus an tréimhse sé mhí is gnóthaí á cur isteach ag feirmeoirí na tíre. Idir leathadh sciodair, gearradh fálta, treabhadh agus burláil, ní féidir le feirmeoirí na hÉireann é a dhéanamh leo féin. Mar sin, téann siad i muinín conraitheoirí feirme agus a dteaghlaigh. Seo é a scéal - Seo 'Contractors'.
Sraith faisnéise siamsaíochta breathnóireachta fíorspéisiúil i seacht gcuid é ‘Contractors’, ina gcuirfear saol oibre agus scéalta pearsanta 7 teaghlach conraitheoireachta talmhaíochta as áiteanna éagsúla faoi chaibidil agus tréimhse ríthábhachtach ó mhí Aibreáin go mí Mheán Fómhair á cur isteach acu: sainléargas praiticiúil agus pearsanta a bheidh ann ar an saol comhaimseartha faoin tuath in Éirinn.

Beidh 7 criú fuinniúil conraitheoireachta as Luimneach, Ciarraí, An Mhí, Tiobraid Árann, Gaillimh, Dún na nGall agus An Clár ag glacadh páirt sa tsraith seo, ina gcaithfear solas ar na dúshláin ghairmiúla a bhíonn rompu, ar bhuaicphointí agus ísealphointí ghnáthchúrsa a lae agus ar na hábhair dóchais agus aislingí atá acu. Cuntas iomlán gan srian a bheidh ann ar 7 criú suntasach ar féidir a fháil ar cíos - ar baill iad uile d’fhogheilleagar talmhaíochta nach dtarlódh an fheirmeoireacht dá n-uireasa.
Ó mhí Aibreáin go mí Mheán Fómhair, bíonn an tréimhse sé mhí is gnóthaí den bhliain ar siúl i dtionscal na feirmeoireachta. Tá an t-uafás oibre le déanamh agus ní féidir le feirmeoirí na hÉireann í a dhéanamh leo féin. Mar sin, téann siad i muinín conraitheoirí feirme agus a dteaghlaigh: fir agus mná, idir óg agus aosta - oibrithe sealadacha agus fochonraitheoirí - chun tarracóirí, tochaltóirí agus comhbhuainteoirí a thiomáint, chun tóraíocht agus tarraingt a dhéanamh, chun síolta a chur, chun bheith ag gearradh agus ag baint an fhómhair. Chun a chinntiú go dtarlóidh an fheirmeoireacht.
Murach iad sin, d’fhágfaí garraithe gan treabhadh gan chur, sciodar gan leathadh, sadhlas gan ghearradh, agus fálta sceach ina gcíor thuathail amach is amach.
Ó thaobh cultúir agus an gheilleagair de, is é tionscal na feirmeoireachta an tionscal is sine agus is seasmhaí in Éirinn. Ó tharla go bhfuil baint chomh mór sin aige lenár bhféiniúlacht mar dhaoine - go bhfuil sé fréamhaithe go domhain in aigne an Éireannaigh - is minic nach n-aithnímid an luach a bhaineann leis.
Don 137,000 teaghlach a bhíonn ag brath ar fheirmeoireacht mar shlí mhaireachtála, is post lánaimseartha dáiríre é an fheirmeoireacht. Ach is beag feirmeoir ag a bhfuil an t-am, na hoibrithe ná an sainghléasra costasach a theastaíonn acu chun é a dhéanamh. Dá réir sin, iarrann siad ar na 1800 conraitheoir talmhaíochta as gach cearn den tír seirbhísí a chur ar fáil dóibh.
Gach aon bhliain, beag beann ar an aimsir, tagann na giurnálaithe díograiseacha seo, agus 20,000 tarracóir agus buainteoir, innealra ar fiú €150 milliún é agus 10,000 oibritheoir lánaimseartha agus páirtaimseartha acu chun an jab a dhéanamh. Seo hiad ‘ridirí geala’ na feirmeoireachta.
Ag tosú TG4 24 Feabhra 9.30pm